Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 30 March 2022
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
An tAire Dlí agus Cirt: Plé.
Niall Ó Donnghaile (Sinn Fein) | Oireachtas source
Cuirim fáilte roimh an Aire agus roimh a cuid chomhghleacaithe. Níl agam ach ceist amháin. Cén dóigh a mheastar inniúlacht sa Ghaeilge mar chuid den chlár BA sa phóilíneacht? Cén dóigh ar féidir linn a bheith cinnte de go bhfuil sin níos airde ná, nó ar a laghad ar chomhchéim leis, an phas a bhí de dhíth sa tástáil inniúlachta a bhí ann roimhe sular fuair an Roinn réidh leis an riachtanas sin maidir leis an Gharda?
No comments