Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 30 March 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

An tAire Dlí agus Cirt: Plé.

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal, Fine Gael) | Oireachtas source

Cuirim fáilte roimh an Aire agus roimh a cuid oifigigh fosta. Aithním na hoifigigh ón Roinn, go háirithe Micheál Ó Cearúil fá choinne a tiomantas ar son na teanga thar na blianta. Tá sé díograiseach agus tá suim mhór aige sa teanga agus sa chultúr. Gabhaim buíochas leis as sin.

Níl ceist agamsa ach tá cúpla pointe agam. Tá obair ag bogadh ar aghaidh i Leitir Ceanainn. Tá na ceannairí iontach tábhachtach do na daoine uilig atá ag bogadh na teanga ar aghaidh. Bhí mé i gcónaí ag labhairt leis an Cheannfort Terry McGinn i Leitir Ceanainn agus tá suim mhór aici sa teanga. Bhí sí ag cur fíorbhrú ormsa an Ghaeilge a bogadh ar aghaidh fosta. Nuair a thug mise aitheantas, mar Aire Stáit le freagracht as an Ghaeltacht, ar Leitir Ceanainn mar bhaile seirbhíse in 2015, b'shin an chéad stop. Ina dhiaidh sin d’fhógair an tAire clár faoi aitheantas do na bailte seirbhíse tríd An Gharda Síochána fosta agus ba mhaith liom buíochas a ghabháil chuici agus chuig Terry McGinn fá choinne an tiomantais faoi sin. Gabhaim buíochas leis an gCoimisinéir Drew Harris fosta. Bhí seisean iontach tiomanta chuig an teanga an lá a bhí sé sa Dáil ag labhairt faoin teanga, faoin fhís agus faoin todhchaí.

Ó thaobh na gardaí uilig ag obair taobh amuigh den stáisiún i measc an phobail agus ag labhairt leis na daoine, b’fhéidir go mbeidh deiseanna ann faoin scéim i gcomhair community policing. Bhí taithí mhór sa Gharda leis na gardaí ag obair as lámha a chéile leis na daoine ar an talamh agus leis na daoine a bhí ina gcónaí sna ceantair, go háirithe sna bailte móra nó sna ceantair iargúlta. B’fhéidir go mbeidh seans ann chun dul chun cinn a dhéanamh nó chun straitéis a chur i bhfeidhm chun an teanga a úsáid ar an talamh. Tá níos mó Gaeilge ag gardaí an lae inniu. Tá Gaeilge briste ag roinnt acu agus tá gardaí eile ag foghlaim agus ag athfhoghlaim na teanga. Tá suim mhór sa Ghaeilge sa Gharda agus dá mbeadh na daoine ag smaoineamh faoin teanga, seans go mbeadh siad á n-úsáid i measc an phobail. Chomh maith leis sin, tá aithne agam ar an scéim ina bhíodh na gardaí ag dul go dtí cúrsaí. Mar shampla, bhí siad ag dul go dtí Oideas Gael i nGleann Cholm Cille agus go dtí contaetha eile fosta. Dá mbeadh aon chuidiú nó cabhair sna scéimeanna sin, bheadh sin níos fearr agus d'fhéadfadh na gardaí dul go dtí ranganna Gaeilge neamhfhoirmiúla agus go dtí cúrsaí neamhfhoirmiúla. D'fhéadfadh siad dul ag dreapadóireacht nó scéimeanna agus tograí cultúrtha eile a dhéanamh. B’fhéidir go mbeadh seans ann tacaíocht nó cuidiú a thabhairt do ghardaí dul sa phróiseas sin nó chun dul ar aistear mar sin.

Chomh maith leis sin, tá Gaeilge an Aire go han-mhaith. Bhí sí ag léamh na Gaeilge ina ráiteas tosaigh agus tá blas ar dóigh aici. Níl a fhios agam cén bhlas atá aici. An Contae na Mí é? B’fhéidir go bhfuil blas Ráth Chairn ag an Aire, macasamhail leis na daoine a chuaigh go Ráth Chairn ó Chonamara. B’fhéidir go bhfuil canúint Chonamara ag an Aire ach tá blas maith aici agus fair play di as a iarracht féin a dhéanamh. An chéad uair eile a bheimid ag labhairt taobh amuigh den seomra seo, beimid ag úsáid na Gaeilge. Táim ag dúil go mór leis sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.