Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 30 March 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

An tAire Dlí agus Cirt: Plé.

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Tá cúpla pointe agam. Tuigim gur cuireadh an pointe seo chun cinn mar gheall ar an teanga agus an éagsúlacht. Nuair a cheistíomar na finnéithe sna cruinnithe deiridh, ní raibh aon duine in ann aon fhianaise a chur ar fáil chun a rá gur ón bhfianaise sin a tháinig an t-eolas agus seo é an taighde a bhain leis. Tháinig tuairim ó áit éigin. Ní fheadar cad as ar tháinig sé. Ní raibh aon duine in ann rud breise a chur leis sin. Ar cuireadh eolas breise ar fáil don Aire nuair a tugadh an moladh di, nó ar tháinig an moladh ó tuairim éigin a bhí ag dul thart gan aon taighde bainteach léi? An féidir leis an Aire é sin a shoiléiriú?

Is maith an rud é go bhfuil na figiúirí ardaithe. Mar a luaigh mé níos luaithe, rinneadh níos mó fógraíochta agus rinneadh iarracht níos mó chun daoine a mhealladh isteach. Braithim gurb é sin an fáth ar thug Gaeilgeoirí breise tríd an sruth Gaeilge seachas aon athrú maidir leis an teanga. Gan dabht, níl aon taighde agam chun é sin a chinntiú mar níl aon eolas agam ar na figiúirí, ach braithim gurb iad an fhógraíocht agus an t-eolas breise a mheall daoine isteach, agus ba iad na hiarrachtaí sin ba chúis leis seachas aon athrú maidir leis an teanga. An bhféadfaí soiléiriú a thabhairt ar aon taighde nó eolas breise a cuireadh ar fáil don Aire mar gheall ar an athrú sin? Nuair a cheistíomar na finnéithe sa choiste roimhe seo, ní raibh siad in ann aon eolas breise a chur ar fáil ach amháin a rá go raibh an tuairim seo ann, go raibh an teanga ag cur isteach ar an éagsúlacht. Is cosúil go raibh an tuairim ag dul timpeall agus nach raibh aon taighde ann chun tacaíocht a thabhairt di.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.