Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 30 March 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

An tAire Dlí agus Cirt: Plé.

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Fáiltím roimh an Aire agus a ráiteas trí Ghaeilge. Gan dabht, fáiltím roimh an eolas atá ann freisin, an méadú atá tagtha ar líon na gcainteoirí Gaeilge, agus an 466 iarratasóir a luaigh an tAire. Is dea-scéal é sin.

Tá gá le breisiú ar líon na Gaeilgeoirí sna gardaí. Ós rud é go bhfuil ardú ar líon na n-iarratasóirí anois, an ndéanfar iarracht faoi leith líon níos mó Gaeilgeoirí a thabhairt tríd an gcóras nuair a bheidh siad ar fáil? An bhfuil aon phlean faoi leith maidir leis sin?

Tá cúpla ceist eile agam don Aire. An nglacann an Roinn agus An Garda Síochána leis go raibh ísliú céime i gceist maidir leis an teanga nuair a cuireadh an t-athrú sin i bhfeidhm ag deireadh na bliana seo caite? Bhraith aon Ghaeilgeoir ar labhair mé leis é sin. Cheistíomar é ag an gcoiste cheana féin agus bhíomar ag iarraidh díriú isteach ar cad as ar tháinig an tuairim seo. Cén taighde a rinneadh ar éifeachtacht an dátheangachais? Cad as ar tháinig an tuairim seo? An é go raibh tuairim ag duine éigin nó an raibh aon taighde bainteach leis an gcéim seo, chun an dátheangachas a bhaint? Cé a chuir an moladh chun cinn? Cén fhianaise a bhí ann chun tacaíocht a thabhairt leis an moladh sin? An féidir leis an Aire soiléiriú a thabhairt ar sin?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.