Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 30 March 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

An tAire Dlí agus Cirt: Plé.

Photo of Dara CallearyDara Calleary (Mayo, Fianna Fail) | Oireachtas source

Ag dul ar ais ag an méid a dúirt an Teachta Ní Chonghaile, is gá cuimhneamh go bhfuilimid anseo mar gheall nach raibh muinín ag an gCoimisinéir Teanga sa Gharda. Ní raibh muinín aige go raibh an Garda agus an Roinn chomh dáiríre faoi chúrsaí Gaeilge agus a chaithfidh siad é bheith. Ceapaim go bhfuil athrú meabhrach ann agus go bhfuil suim ag an Aire san ábhar ach beimid ag teacht ar ais ag an scéal seo. Beimid ag teacht ar ais leis an gcoimisinéir agus leis an Roinn freisin. Tá sé tábhachtach a thuiscint nach mbaineann sé seo leis an nGarda amháin ach le seirbhísí na cúirte freisin, atá faoi Roinn an Aire.

Caithfidh daoine a bhfuil Gaeilge acu, is cuma cén áit sa tír ina bhfuil siad, a bheith in ann an Ghaeilge a úsáid i gcomhthéacs na ngardaí nó na cúirte. Tá sé tábhachtach nach ndéantar aon dochar do chearta na ndaoine a bhaineann úsáid as an nGaeilge más rud é nach féidir an Ghaeilge a úsáid i gcúrsaí dlí agus ceart. Tá sé an-tábhachtach go dtuigeann an tAire cé chomh dáiríre is atá sé sin, agus go dtuigeann an Roinn agus na agencies ina mbíonn fuadar iontu é sin freisin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.