Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 30 March 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

An tAire Dlí agus Cirt: Plé.

Photo of Dara CallearyDara Calleary (Mayo, Fianna Fail) | Oireachtas source

Tá fáilte roimh an Aire agus an fhoireann. Tá sé go deas iad a fheiceáil. Tháinig Gaeilge Chontae na Mí ó Mhaigh Eo so ba cheart go mbeadh Gaeilge líofa acu i gContae na Mí. Bhí áthas orm na figiúirí a chloisteáil, ach i gcomhthéacs na bhfreagraí a tugadh don Teachta Ní Chonghaile, táim saghas buartha anois. An saghas self-declaration a bhí ann do na daoine ag déanamh iarratais go raibh caighdeán Gaeilge acu? Cén bealach an mbeidh muid in ann a fháil amach an bhfuil an caighdeán ag na daoine atá ag iarraidh a bheith sa Gharda chomh láidir agus a chaithfidh sé a bheith? Cén uair a bheidh na figiúirí sin againn chun a fháil amach cé mhéad as na huimhreacha sin a bhfuil Gaeilge líofa acu?

Ó thaobh na ngardaí atá sa tseirbhís inniu, go háirithe gardaí sinsearacha, tá sé tábhachtach go dtuigeann an Garda agus an Roinn obair an choiste seo. Tá Gaeilge sa Ghaeltacht agus seirbhísí sa Ghaeltacht an-tábhachtach, ach tá sé an-tábhachtach freisin go mbeidh seirbhísí ann do dhaoine a bhaineann úsáid as an nGaeilge i ngach áit sa tír. Caithfidh daoine a bheith in ann dul go stáisiún Garda in aon áit sa tír agus Gaeilge acu. Ba cheart go mbeadh siad in ann Gaeilge a úsáid sa stáisiún Garda. Má tá agallamh nó má tá gardaí ag cuidiú le fiosrú, ba cheart go mbeadh siad in ann an t-agallamh sin a dhéanamh trí Ghaeilge. Tá a fhios agam nach mbeidh na figiúirí ag na finnéithe go díreach, ach cén percentage de na stáisiúin Gharda sa tír ina bhfuil garda atá in ann agallamh le haghaidh cás nó cuidiú le fiosrúchán a dhéanamh trí Ghaeilge? Cén percentage de na stáisiúin ina bhfuil daoine in ann é sin a dhéanamh?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.