Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 30 March 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

An tAire Dlí agus Cirt: Plé.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source

Bheadh sé cabhrach go ginearálta mar táimid ag iarraidh athrú meoin a fheiceáil anseo. Tá mé anseo ó 2016 agus tá a fhios agam go bhfuil dea-thoil ann ó thaobh na Gaeilge de, ach in ainneoin sin tá géarchéim ann. Ba mhaith liom plean a fheiceáil. An bhfuil plean ag an Roinn go mbeidh an fhoireann dhátheangach laistigh de thréimhse ama? Tá sé ceart go leor a rá go bhfuil 39 duine ag déanamh cúrsaí, agus is maith an rud é sin, ach cad an sprioc atá ag an Roinn chun daoine a mhealladh? Cén chaoi an meallfar iad? Cad iad na cúrsaí a chuirfear ar fáil? An bhfuil an t-éileamh níos mó ná an méid cúrsaí? Sin na figiúirí gur mhaith liom a fheiceáil, go ginearálta.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.