Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 30 March 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

An tAire Dlí agus Cirt: Plé.

Mr. Micheál Ó Cearúil:

Tá i bhfad níos mó Gaolainne ag daoine istigh sa Roinn ná mar a léiríonn na figiúirí sin. Cuireann sé iontas ormsa i gcónaí. Mar a chuala an coiste ón Aire í féin, tá daoine le máistreachtaí nó dochtúireachtaí sa Ghaolainn sa Roinn. Tá go leor daoine sa Roinn go bhfuil ardchumas Gaolainne acu. Ní bheinn buartha faoi na caighdeáin nua nuair a bheidh siadsan á gcomhaontú le Roinn na Gaeltachta. Táim cinnte go mbeidh an-bhéim ar an oiliúint agus tá muidne ag prapáil chuige sin chomh maith. Cuirimid fáilte roimhe. Mar is eol don choiste, beidh cumas sa Bhéarla ag na daoine le cumas sa Ghaeilge chomh maith so beidh siad ar fáil mar sheirbhísigh agus mar oifigigh sa Roinn. Fáiltímid roimh an deis seo, chun an fhírinne a rá, an cumas laistigh den Roinn a ardú. Tarlóidh sé sin agus tá sé ag tarlú faoi láthair. Tá daoine go bhfuil ardchumas Gaolainne acu laistigh den Roinn. Níl aon cheist faoi sin. Tá painéal againn le daoine go bhfuil fonn orthu an Ghaolainn a úsáid agus go mbeadh sí mar chuid dá n-obair.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.