Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 30 March 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

An tAire Dlí agus Cirt: Plé.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source

Tá an freagra sin ón Aire ionraic agus is maith an rud é go bhfuil sí ag rá nach bhfuil a fhios aici. Tá gá le tuilleadh taighde ar an toradh seo ionas go mbeimid in ann ceacht foghlama a fháil as.

Tá an-suim agam i gcúrsaí éagsúlachta ach is rud difriúil í an Ghaeilge sa chomhthéacs gurb í an teanga oifigiúil. Tá dualgas dlíthiúil ann. Mar a dúirt mé, tá sé an-tábhachtach go mbeidh éagsúlacht sa Gharda ach tá mise agus an comhchoiste seo ag díriú isteach ar an nGaeilge de bharr na géarchéime agus an easpa foirne. Ag filleadh ar Ghaillimh, táim ar an joint policing committee ann agus tá sé ráite le déanaí, cosúil le háiteanna agus Gaeltachtaí eile, go bhfuil folúntais ann agus nach bhfuil siad in ann comhaltaí den Gharda Síochána le Gaeilge a fháil nó, uaireanta, tá siad in ann daoine a fháil ach níl an taithí acu. Dúradh linn go neamhbhalbh nach féidir garda a sheoladh chuig ceantar Gaeltachta gan taithí, atá suimiúil ann féin, agus fágfaimid an ghné sin ar leataobh.

Tá sé seo tábhachtach ó thaobh an chinnidh atá anois déanta le rialacháin maidir le hardú céime sa mhéid is nach bhfuil an Ghaeilge ag teastáil. Ar an talamh táthar ag rá linn nach bhfuil gardaí le Gaeilge nó tá gardaí le Gaeilge ach níl an taithí acu. Is fadhb phraiticiúil é sin.

Críochnóidh mé le ceist eile. Tá an méid de na cúrsaí atá déanta suimiúil. Cé mhéad duine le Gaeilge atá sa Roinn anois agus cén dul chun cinn atá déanta? Feicim líon na gcúrsaí atá i gceist. Cén dul chun cinn atá déanta? An bhfuil figiúirí agus plean ag an Roinn mar tá deireadh le scéimeanna teanga anois mar is ré nua na gcaighdeán a bheidh i gceist as seo amach? Cén plean nó cad atá i gceist sa chomhthéacs sin - maidir leis an dá rud sin? Táim críochnaithe anois.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.