Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 30 March 2022
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
An tAire Dlí agus Cirt: Plé.
Catherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source
Is é sin an fáth go ndeachaigh mé chomh fada isteach sa scéal. Dar leis na daoine a thagann os ár gcomhair ar an ábhar seo, níl daoine ann le Gaeilge - níl siad ag teacht chun na n-agallamh - ach tá athrú ann agus cuirim fáilte roimh an athrú sin. Cén fáth gur éirigh leis an bpróiseas daoine le Gaeilge a fháil anois nach raibh siad in ann iad a fháil roimhe seo?
No comments