Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 30 March 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

An tAire Dlí agus Cirt: Plé.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source

Cuirim fáilte roimh an Aire. Déanaim comhghairdeas léi as an éacht atá déanta aici. Tús maith, leath na hoibre. Fair play di. Tá an comhthéacs tábhachtach i gcónaí. Tá muidne, an tAire agus a comhghleacaithe anseo de bharr tuarascála a chuir an Coimisinéir Teanga os comhair na Dála. Ní raibh an dara rogha aige ach é a chur os comhair na Dála. Dar leis féin, is rud neamhghnách é sin. Bhí sé os ár gcomhair. Is é sin an comhthéacs. Bhí na fíricí sa tuarascáil seo damanta i ndáiríre ó thaobh an easpa dhul chun cinn a bhí le feiceáil. Is é sin an fáth a raibh ar an gCoimisinéir tuarascáil a leagan os comhair na Dála. D'eascair an tuarascáil sin as na coinníollacha ar an talamh i dTír Chonaill, áit a bhfuil easpa gardaí le hinniúlacht sa Ghaeilge.

Bhí moltaí ansin a bhain le Tír Chonaill ach bhain siad freisin leis an gcuid eile den tír. Phléamar an tuarascáil sin ar an gcomhchoiste seo agus bhí Coimisinéir na nGardaí os ár gcomhair. B’shin an comhthéacs agus tá sé tábhachtach é sin a rá mar tá an Coimisinéir Teanga agus an comhchoiste buartha fós faoin easpa dhul chun cinn. Níl a fhios agam faoi na comhaltaí eile ach bhí mise buartha faoin easpa tuisceana a bhí i gceist ó thaobh an Choimisinéara Teanga de maidir leis an dualgas dlíthiúil atá air agus ar an lucht bainistíochta maidir leis an nGaeilge. Tá sé sin ráite anois agam ach tá sé tábhachtach comhthéacs a chur ar an rud. Bhain sé leis an easpa dul chun cinn maidir leis na moltaí sa tuarascáil, a bhí thar a bheith bunúsach.

Anuas air sin, fuaireamar amach, agus tá sé aisteach i ndáiríre, go raibh ar an gCoimisinéir Teanga an tuarascáil sin a leagan os comhair na Dála, mar a dúirt mé, agus ag an am céanna rinne an córas, an Rialtas nó An Garda cinneadh fáil réidh leis an riachtanas an Ghaeilge a bheith ag na hearcaithe agus, freisin, i dtaca le hardú céime chun bheith ina sáirsint nó ina sháirsint. Ar láimh amháin bhí an Coimisinéir Teanga agus an comhchoiste ag rá go raibh géarchéim anseo agus ar láimh eile, tá an chosúlacht air go bhfuilimid ag dul siar. Is é sin an comhthéacs agus tá ár bhfinnéithe anseo ag rá go bhfuil dul chun cinn déanta.

Is í mo chéad cheist dhíreach ná gur mhaith an rud é go bhfuil ardú suntasach ann sa sruth Gaeilge ach iarraim ar an Roinn na figiúirí sin a chur i gcomhthéacs dom. Thug an Roinn an figiúr 132 a bhí ann in 2019 sa sruth Gaeilge ach cé mhéad duine a chuir isteach san earcaíocht ag dul siar go dtí an bhliain sin, 2019, mar tá 10,000 i gceist ann anois?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.