Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 30 March 2022
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
An tAire Dlí agus Cirt: Plé.
Seán Kyne (Fine Gael) | Oireachtas source
Gabhaim buíochas leis an Aire as sin. Tá 466 iarrthóir a bhfuil Gaeilge acu agus 9,534 ar a laghad ar an sruth eile. An míneoidh an tAire an próiseas chun an 800 garda a earcú dúinn? Tá 10,000 iarrthóir ann. An mbeidh caighdeáin dhifriúla ann? Nílimid ag iarraidh go mbeidh aon gharda le Gaeilge ar chaighdeán níos ísle ná aon gharda gan Ghaeilge ach an mbeidh aon rud á dhéanamh chun a dheimhniú go mbeidh níos mó daoine le Gaeilge ag teacht tríd an bpróiseas? Is é sin an rud is tábhachtaí. Tá an 20% ann faoi láthair. Bhí chuile bhall den Oireachtas, chuile pháirtí agus chuile dhuine eile ag tacú leis. An bhféadfaí a chinntiú go mbeidh níos mó daoine le Gaeilge ag teacht tríd an bpróiseas?
No comments