Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 30 March 2022

Joint Oireachtas Committee on European Union Affairs

European Union Response to the War in Ukraine: Discussion

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal, Fine Gael) | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an Aire Stáit as an chomhrá leathan agus cuimsitheach inniu agus as na sonraí agus faisnéis a thug sé dúinn. Is léir go mbeidh níos mó comhráite idir na páirtithe leasmhara éagsúla timpeall an domhain, agus san AE ach go háirithe. Tá sé sin iontach tábhachtach. Tá muidne ag dul go dtí Moldova agus Romania an tseachtain seo chugainn ón Luain go dtí an Aoine. Tá muidne ag dúil go mór leis sin agus ag iarraidh na sonraí ar an talamh agus faisnéis maidir leis na daoine uilig atá ag dul go dtí Moldova agus Romania, agus go háiteanna timpeall an AE ina dhiaidh sin, a fháil. Gabhaim buíochas arís le comhghleacaithe an Aire Stáit sa Roinn Gnóthaí Eachtracha as an chuidiú. Gabhaim buíochas do gach duine. Tá an cruinniú seo thart anois. Beidh an chéad chruinniú eile ar 9.30 a.m Dé Céadaoin, an 27 Aibreán.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.