Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 9 March 2022
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Foilsitheoireacht agus Léitheoireacht na Gaeilge (Atógáil): Plé
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source
-----chun daoine á tharraingt ina treo? Má tá siad ag léamh, ansin, b’fhéidir go léifidh siad rud éigin eile agus go dtiocfaidh siad ar ais chuig an iris. Ar tháinig ár n-aíonna eile air seo mar tá a fhios agam gur jab difriúil atá acu ach go bhféadfaí go mbeidh siad in ann é sin a dhéanamh?
Chun ceist nó dhó dheireanach a chur, cé mhéad a chaitheann RTÉ ar an suíomh Idirlín atá acu? Tá na haipeanna ar fad ar mo ghuthán in aice lena chéile ó thaobh nuachta de agus téim isteach ar tuairisc.iean chéad rud ar maidin agus téim isteach ansin go dtí thejournal.ieagus ansin go dtí RTÉ. Tá a fhios againn an bealach chun é sin a dhéanamh. Feidhmíonn siad agus tá fógraíocht i gceist ar roinnt acu ach níl a fhios agam cén buiséad atá ag rté.ienó ag an tseirbhís nuacht atá aige i gcomparáid lenár n-aoichainteoirí. Ní gá figiúirí a thabhairt dom ach an dóigh leo go bhfuil sé deich nó 20 uair níos mó ná a gcaiteachas féin nó a leithéid?
Chun críoch a chur leis na himeachtaí freisin, ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabhail lenár n-aíonna as cuidiú linn san ábhar seo agus má ritheann tuairimí breise leo nár ardaíodh sna ceisteanna, cuir ar aghaidh iad chugainn, lena dtoil. Tá an tsraith seo de chruinnithe chun déileáil leis na gnéithe difriúla ar siúl idir seo agus mí an Mheithimh agus níos faide ar aghaidh. Is é ceann de na rudaí a rith liom inniu ná an cheist seo faoi chúrsaí iriseoireachta. Cuirfimid ceist más féidir linn ar na daoine atá ag gabháil agus ag múineadh iriseoireachta sna coláistí a aithnímid. Beimid ag déileáil leis seo agus ag seoladh cuireadh ar an bpobal, más mian leo, tuairimí a roinnt linn chomh maith céanna.
Tá cúpla ceist curtha agam ansin freisin, más féidir lenár n-aíonna tabhairt fúthu, lena dtoil. Bhí a lámh suas ag Cormac Ó hAodha.
No comments