Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 9 March 2022
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Foilsitheoireacht agus Léitheoireacht na Gaeilge (Atógáil): Plé
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source
Sular thosaigh an cruinniú, luaigh mé go bhfuilimid ag súil le hathrú ó na Ranna agus na comhlachtaí Stáit ó thaobh an dualgas a bheidh orthu maidir le fógraíocht trí Ghaeilge agus buiséad a bheith curtha in áirithe acu amach anseo. An bhfuil tuairim ag na finnéithe faoi sin?
Luaigh duine éigin TikTok níos luaithe. Bhí cur amach agam ar TikTok nuair a thosaigh sé. Ní raibh ach 30 soicind i gceist maidir le geáitsíocht nó pé rud. Tá deich nóiméad i gceist anois, dóthain ama i gcomhair podcast, scéal a insint nó píosaí nuachta a chur ar fáil i bhfad Éireann níos fearr. Tá tuiscint ann nach féidir gach uile scéal a bhrú isteach i 30 soicind nó i bhfíseán amháin. Tá Instagram agus na gléasanna seo ar fad áisiúil ar feadh tréimhse.
Ansin, tuigtear go gcaithfí scríbhneoireacht a dhéanamh agus iriseoireacht a bheith ann agus go ndéanfaí anailís air. Tá an ceart ag ár bhfinnéithe mar ní hé sin rud a rith liom sular luadh inniu é; sé sin, an gá go mbeadh cúrsaí iriseoireachta trí Ghaeilge nó le Gaeilge ann amach anseo. An mbeadh dochar déanta d’fhéith sin na scríbhneoireachta i nGaeilge murach é?
Is é ceann de na rudaí a tharlaíonn go minic - thuigfeadh Cormac Ó hAodha é seo níos mó ná an bheirt eile, b'fhéidir - ná go bhfuil gá leis an rud fisiciúil, mar shampla i gcás Feasta, chun dul amach agus an rud a dhíol. Caithfidh na finnéithe eile an nuachtán atá acu ar líne a dhíol, ach tá an rud fisiciúil ag Cormac Ó hAodha. Is ar son na cúise a íocann cuid de na síntiúsóirí an síntiús gach bliain. Is cuimhin le haon duine a bhí i mBaile Átha Cliath sna 1970idí agus sna 1980óidí Amhlaoibh ag dul timpeall le Deirdre, páipéar nó iris Gaeilge agus é ag brú an táirge. Bhí sé ag tuilleamh tuarastail as ach bhí sé á dhíol. Bhí díolachán níos mó ar an iris Deirdrená ar aon iris eile i mBéarla ná i nGaeilge toisc go raibh sé de shíor á bhrú. Ní féidir leo siúd atá bainteach leis na seirbhísí ar líne é sin a dhéanamh ós rud é gurb iad na heagarthóirí agus na daoine a scríobhann leath den ábhar. Is dócha go bhfuil an triúr díobh san áireamh sa chómhthéacs sin. Ní féidir leo a bheith gafa le díolacháin, riarachán agus scríbhneoireacht ag an am céanna. Tarlaíonn rud éigin, is jabanna difriúla iad agus is fíorannamh a bhíonn an deis sin ann é sin a dhéanamh.
Má tá daoine ag éisteacht, sa deireadh thiar thall táim ag impí orthu an iris a cheannach, plé a dhéanamh air, tacú leis, na hailt a léamh agus iad a roinnt le daoine eile, agus sa chaoi sin daoine a mhealladh i dtreo na Gaeilge. Is é an fáth go ndeirim an méid sin ná go raibh, sílim, Seán Tadhg Ó Gairbhí ag rá nach bhfuil sé ag díriú isteach orthu siúd atá ag gabháil leis an gcóras oideachais. Tá mic léinn agus daltaí ann atá ag gabháil do chúrsa agus ag caitheamh a lán ama leis. Tá róil againn ar fad iarrachtaí a dhéanamh iad a mhealladh i dtreo léitheoireacht níos rialta seachas an córas oideachais. B’fhéidir go dtarraingeofaí iad i dtreo Nósle hailt faoi ábhair atá siad ag plé leo san ardteistiméireacht agus sa teastas sóisearach. An ndearna Nósé sin cheana féin-----
No comments