Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 9 March 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Foilsitheoireacht agus Léitheoireacht na Gaeilge (Atógáil): Plé

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Tá mise tar éis an ábhair seo a ardú le tamall de bhlianta anuas. Bhuail mé leis an acadamh an deireadh seachtaine seo caite. Bhuail mé le hOllscoil na Gaillimhe a bhfuil cartlann mhór aici. Is gá don Stát, d'Fhoras na Gaeilge nó don Roinn airgead a chur ar leataobh chun cartlannú agus digitiú ceart a dhéanamh, ní hamháin ar Feastaatá ina phíosa beag bídeach den stór litríochta agus scríbhneoireachta Gaeilge atá ar fáil i leabharlanna áirithe ach nach bhfuil ar fáil do mhic léinn ná don ghnáthphobal ar líne. Tá mé á lorg le blianta ach go mór mór le dhá bhliain anuas toisc gach duine a bheith gafa sa bhaile le Covid. Má táthar ag déanamh staidéir ar litríocht na Gaeilge, níl teacht ag daoine ar roinnt de na foinsí atá ag teastáil chun máistreacht nó bunchéim a dhéanamh. Má bhítear ag déanamh aon ábhar i nGaeilge, bíonn sé níos deacra ná riamh. Ar a laghad nuair a bhítear in ann dul chuig an gcoláiste, bítear in ann dul go dtí an leabharlann. Tá saol na Gaeilge thíos leis ó thaobh scríbhneoireachta agus léitheoireachta de toisc nach bhfuil teacht againn ar dhigitiú agus go bhfuilimid ar gcúl ó thaobh digitithe de. Tiocfaimid ar ais go dtí an t-ábhar sin agus leanfaidh mé go dtí go mbeidh éisteacht áit éigin.

Luaigh an dream ón acadamh i nGaillimh liom go bhfuil cartlann doiciméad acu ach nach bhfuil an t-airgead acu digitiú a dhéanamh air. Tá dainséar ann i gcásanna mar sin go gcaillfear stuif atá ar fáil agus cinn atá an-tábhachtach ó thaobh stair na hÉireann de. Tá jab le déanamh. Caithfimid labhairt amach anseo le músaeim agus leis an gCartlann Náisiúnta maidir le conas is féidir leo déileáil leis sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.