Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 9 March 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Foilsitheoireacht agus Léitheoireacht na Gaeilge (Atógáil): Plé

Mr. Cormac Ó hAodha:

Ag éisteacht le Seán Tadhg agus Maitiú ansin, tuigeann gach duine anseo go bhfuil difríocht idir a scríbhneoirí agus an saghas scríbhneoir atá ag scríobh do Feasta. Ní iriseoireacht atá i Feasta. Is ar mhaithe le Feasta atáim anseo agus nílim ach ag díriú ar Feastanuair a deirim, arís agus arís, cad a dhéanfadh tairbhe do Feasta. Mar shampla, chabhródh sé linn dá mbeadh sé ar ár gcumas cartlann a chur ar fáil. Ní iriseoireacht atá i gceist ansin. Tá sé seo ráite ag comhaltaí an choiste. Tuigimid go léir go mbainfeadh litríocht go mór le haon chúrsa ollscoile lena mbaineann Gaolainn, nó cúrsa Gaolainne amach is amach. Tá an t-uafás anailíse ar an litríocht scríofa déanta cheana féin ag scríbhneoirí Gaolainne ar Feasta. An dtuigeann na comhaltaí an pointe atá á dhéanamh agam? Ní iriseoireacht é sin. Is critíc agus anailís é agus is saghas ar leith scríbhneoireachta atá ann. An peaca is mó ná go bhfuil sé ann agus nach bhfuil aon úsáid nó fáil air. Ní ag scaothaireacht atáim. Bhí cúrsaí agus modúil á ndearadh agus á múineadh agam féin ar chúrsaí litríochta Gaolainne tríú leibhéal agus bhí sé deacair. Bhí orm dul go cóipeanna fisiciúla de Feasta chun teacht ar anailís nó ar na hailt seo, ailt a chreidim a dhéanfadh tairbhe do shaol na Gaolainne ar an oileán seo ar fad agus ar gach oileán eile ar domhan ina bhfuil spéis ag daoine i litríocht na Gaolainne.

Tá caint ar mhaoiniú. Níl aon mhaoiniú á fháil ag Feasta ón Stát ach na leathphinginí a míníodh níos luaithe.

Ní leathphinginí iad fiú amháin. Chuir Foras na Gaeilge deireadh leis an maoiniú a bhí ar fáil ag Feasta. Is míorúilt é go bhfuil Feasta fós ann de thoradh an deiridh sin ar cuireadh leis an maoiniú.

Is é an moladh atá agamsa ná an maoiniú a chur ar ais. Cad é an tairbhe a dhéanfadh sé? Dhéanfadh sé tairbhe mar go ligfeadh sé dúinn an t-ábhar seo go bhfuil mé ag caint air a chur ar fáil. Más anailís ar "Chúirt an Mheán Oíche", Mo Scéal FéinAn t-Oileánach, tá seans an-mhaith go bhfuil fear nó bean éigin tar éis scríobh air i Feasta cheana féin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.