Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 9 March 2022
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Foilsitheoireacht agus Léitheoireacht na Gaeilge (Atógáil): Plé
Mr. Maitiú Ó Coimín:
Tá sé seo tábhachtach dom freisin, agus bhí sé amhlaidh nuair a chuaigh mé isteach in Nós. Is dóigh liom go raibh Nósgo maith i gcónaí ó thaobh na mban de. Tá sé deacair, ámh, mná a fháil. Tá siad faighte agam anois agus tá foireann sheachtrach mhaith bhan ann. Tá Sláine Ní Chathaláin, Aedín Ní Thiarnaigh, Róisín Nic Liam, Kate Scott agus Aifric Ní Scolaí ann - ní ritheann ainmneacha gach uile dhuine liom. Caithfear dul sa tóir orthu, ámh. Is é an rud is dóigh liom faoi sin ná b’fhéidir nach bhfuil an mhuinín chéanna ag mná iad féin a chur chun cinn ar dtús. Mura dtéitear sa tóir orthu, ní chuireann siad iad féin chun cinn le scríobh a dhéanamh. Tagann stuif isteach i mo chuntas ríomhphoist ó fhir nár chuala mé focal riamh i mo shaol a raibh foilsithe acu. Ní dóigh liom gur tharla sé sin le bean riamh, nó ar a laghad le ceithre nó cúig bliana anuas. B'fhéidir gur tharla sé i gcás Máire Treasa ach bhí aithne agam uirthi ón obair. Tá se deacair. Tá ceist níos doimhne ansin maidir leis an bhfáth nach bhfuil muinín ag mná iad féin a chur chun cinn. Is dócha go bhfuil an fhadhb chéanna ag Seán Tadhg Ó Gairbhí, ach níl a fhios agam.
No comments