Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 9 March 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Foilsitheoireacht agus Léitheoireacht na Gaeilge (Atógáil): Plé

Mr. Cormac Ó hAodha:

Don chéad uair inniu, b’fhéidir. Níl aon bhanscríbhneoir san eagrán is déanaí - eagrán mí Feabhra - de Feasta. Ní d'aon ghnó a tharla sé sin. Scríobh mná in eagráin mí Eanáir agus mhí na Nollag. Tá ábhair agam cinnte freisin le dul in eagrán na míosa seo, mí in arbh é inné Lá Idirnáisiúnta na mBan. Is maith liom gur cuireadh seisean ar mo shúile. Chun é a lua, tá réimse leathan ábhar i gceist anseo, agus níl aon smacht ná tuiscint níos fearr agam ná is atá ag aon duine eile ar bhriseadh síos fear agus ban san fhilíocht, mar shampla, sa ghearrscéalaíocht nó in aon saghas ábhar atá i bhFeasta. Ach ón taobh eile, i measc na scríbhneoirí, lucht an acadaimh agus scríbhneoirí ábhair acadúil atá i gcló i bhFeasta, mar a ritheann sé liom, agus tá i bhfad níos mó scríbhneoirí ná mar a luafaidh mé anois, tá an Dr. Katie Ní Loingsigh, atá ag léachtóireacht i nGaillimh, a scríobhann ar ábhair maidir leis an Athair Peadar Uí Laoghaire. Tá an Dr. Deirdre Ní Chonghaile i gcló i bhFeasta freisin. B'fhéidir go bhfuil aithne ag an Teachta uirthi mar is ón taobh céanna tíre leis an Teachta í. Ba mhaith liom go mbeadh eagrán ag Feastanach raibh ach banscríbhneoirí ann.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.