Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 9 March 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Foilsitheoireacht agus Léitheoireacht na Gaeilge (Atógáil): Plé

Mr. Maitiú Ó Coimín:

Níor chuala mé go raibh an cúrsa sin ann anois. Aontaím le Seán Tadhg Ó Gairbhí gur fearr i bhfad a bhí cúrsaí roimhe seo. Rinne mé cúrsa iriseoireachta in Dublin City University, DCU. Bhí sé go maith agus d’fhoghlaim mé roinnt mhaith, ach is í an oiliúint is fearr an méid a fuair mé ó Sheán Tadhg Ó Gairbhí féin nuair a chuaigh mé isteach i tuairisc.iemar go raibh sé níos fearr na áit ar bith eile le ceird na hiriseoireachta a fhoghlaim. Ba bhreá liom dá mbeimid in ann duine a thabhairt isteach. Rinneamar é cúpla uair ach ní rabhamar in ann mórán airgid a thabhairt dóibh agus ní maith liom é sin a dhéanamh. Tógaim duine as UCD uair sa bhliain, b’fhéidir, agus bíonn siad ann ar €100 sa tseachtain ar feadh trí seachtaine nó mar sin. Ní scéim é sin. Ba cheart go mbeadh duine istigh ar feadh bliana ar airgead a íocfaidh an cíos agus bia, ar a laghad, le ceird na hiriseoireachta a fhoghlaim.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.