Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 9 March 2022
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Foilsitheoireacht agus Léitheoireacht na Gaeilge (Atógáil): Plé
Mr. Seán Tadhg Ó Gairbhí:
Is í an cheist a bhí ag an Teachta ná an ag dul ar gcúl atá cúrsaí, agus is dócha gurbh ea má fhéachann duine ar na cúrsaí ar an tríú leibhéal. Chomh maith, caithfimid a bheith macánta le daoine óga. Bheadh an-leisce orm a mholadh do dhaoine óga dul ag plé le hiriseoireacht na Gaeilge ó thaobh na scríbhneoireachta de. Níl mé ag caint anseo chomh mór sin faoi chúrsaí craoltóireachta. Cá rachadh siad? Níl aon chomhartha de sheans go mbeidh aon jab ag tuairisc.iedóibh, faoi mar a sheasann rudaí faoi láthair, ná ag Nós, Feasta, Comharnó aon dream eile. Bheadh leisce orm a mholadh do dhuine óg tabhairt faoin obair seo.
Arís, ba mhaith liom a shamhlú go dtiocfaidh athrú air sin. Is dócha san am atá caite bhí sé an-mhealltach do dhaoine óga nuair a thosaigh mise amach, mar go raibh go leor daoine ag obair d’Fhoinseagus chuaigh siad go dtí an raidió nó an teilifís mar gurbh í an áit a bhí an mealladh agus a bhí na soilse mealltacha, faoi mar a déarfá. Anois, tá rud iontach againn le leithéidí tuairisc.ie. Bheadh deis iontach ann dá mbeadh jab ann - bheadh sé an-mhealltach do dhuine mar go bhféadfaidís a bheith ag scríobh, ag dul amach agus físeáin a dhéanamh, agus ag dul i mbun podchraoltóireachta dá mbeadh a leithéid de sheirbhís againn. Dá mbeadh na hacmhainní againn, bheadh sé an-mhealltach anois do dhuine óg a bheith ag díriú ar cheird na hiriseoireachta, ag dul ag plé leis na meáin chlóite, mar a bhíodh, agus leis na meáin ilmheáin atá anois againn.
Cad is féidir a dhéanamh anois ó thaobh oiliúint a chur ar dhaoine? Is é an áit is fearr chun ceird na hiriseoireachta a fhoghlaim ná sa seomra nuachta. Faraor, sa seomra nuachta atá againn, níl na daoine ann chun oiliúint a chur ar dhaoine. Chonaic me go bhfuil rud éigin tosaithe sa mhéid a bhí á phlé coicís ó shin le Foras na Gaeilge, maidir leis an gcur chuige meantóireachta atá ag an bhforas ó thaobh na scríbhneoireachta cruthaithí. B’fhéidir gurbh é sin rud a bhféadfaí féachaint air dá mbeadh scéim de shaghas éigin mar sin ann. Arís, níor mhaith liom a bheith ró-dhuairc ach mura dtagann athrú ar chúrsaí, tá sé deacair a shamhlú cé a thiocfaidh ina chomharba orainn, díreach mar a bhí á rá ag Maitiú Ó Coimín.
No comments