Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 9 March 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Foilsitheoireacht agus Léitheoireacht na Gaeilge (Atógáil): Plé

Mr. Maitiú Ó Coimín:

Tá ceist an Teachta ansin faoin rialtacht. Is é an rud atá i gceist agam leis sin nach bhfuil duine fostaithe agam ar féidir liom brath air nó uirthi le rudaí a chur ar fáil go rialta. Ba bhreá liom duine a chur ag an bpictiúrlann uair sa tseachtain agus léirmheas scannáin a bheith ann agus comhfhreagraí leabhar a fhostú a scríobhfadh léirmheas leabhar uair sa tseachtain agus a chuirfeadh agallamh ar údair uair sa tseachtain, nó sa mhí, agus a d’fhreastalódh ar sheoltaí leabhar nó ar imeachtaí liteartha, féilte agus rudaí mar sin. Is é sin atá i gceist agam le “rialta”. Táim ag brath go huile is go hiomlán ar mo lámh féin agus ar scríbhneoirí seachtracha, ní deonacha mar íocaimid iad, ach níl aon cheangal orthu a bheith ag scríobh do Nós. Tá bean a scríobhann léirmheasanna scannáin ann agus tá sí go maith agus gnóthach ach tá post agus saol aici. Níl an t-airgead a thagann ó Nóschomh maith le bheith ag scríobh léirmheas scannáin gach uile sheachtain.

Is brionglóid amach is amach é, duine a bheith fostaithe againn a thabharfadh rialtacht dó sin agus a bheadh againn do leabhair, do scannáin agus do sheoltaí. Dá mbeadh duine fostaithe againn mar comhfhreagraí na n-ealaíon, a bheadh fostaithe go lánaimseartha ar thuarastal maith agus a bheadh dualgas agus ceangal orthu a bheith ag scríobh mar gurbh é sin an post a bheadh acu, bheinn in ann a rá leo go bhfuil scannán ar siúl Dé Céadaoin agus léirmheas a scríobh air sin, nó go bhfuil leabhar le foilsiú ag Leabhar Breac, mar shampla, an tseachtain seo chugainn, dul ag an seoladh leabhair sin agus scríobh ar rud mar sin. Is é sin atá i gceist agam le “rialta” mar táim ag brath go huile is go hiomlán ar dhuine a bheith ar fáil agus a bheith sásta rud a scríobh agus ní bhíonn sé nó sí i gcónaí ann.

Tá Máire Treasa Ní Cheallaigh go hiontach agus scríobhann sí uair sa tseachtain gan teip. Níl aon locht á fháil agam ar na scríbhneoirí eile nach scríobhann uair sa tseachtain agus a bhfuil obair eile le déanamh acu. Bhí Aoife Ní Chiobháin ag scríobh oideas cócaireachta dúinn. Tá sí go hiontach agus lonnaithe i gCorca Dhuibhne. Scríobhadh sí uair sa tseachtain gan teip ach ansin osclaíodh na bialanna arís agus bhí uirthi a bheith sa chistin ag cócaireacht agus is é sin an príomhphost atá aici. Ní féidir locht a fháil uirthi as sin ach, mar gheall air sin, tháinig deireadh leis an rud rialta cócaireachta. Tá sí tagtha ar ais arís agus níl mé ag fáil locht ar dhuine ar bith anseo ach is iad sin na cúinsí faoina bhfuilimid ag obair. Táimid ag brath ar dhaoine a bhfuil poist mhaithe eile acu agus ní féidir a bheith rialta ar an gcaoi ar mhaith linn a bheith rialta.

Freagróidh mé ceist nár chuir an Teachta orm, más féidir liom, ceist a chuir sí ar Sheán Tadhg Ó Gairbhí, faoi na scríbhneoirí inniu, agus tagaim leis. Dhá bhliain ó shin, d’osclaíomar comórtas mar bhí folúntas beag suarach againn agus bhí €15,000 sa bhliain le híoc sa bhliain againn le duine páirtaimseartha. Chuir 20 duine isteach ar an bpost agus bhí beirt nó triúr as an líon uile a bhí ina ábhar iriseora. Is é an locht is mó a bhí againn leis mar a luaigh mé féin ná an Ghaeilge mar nach raibh sí acu. B’fhéidir go mbeadh an duine go maith ag scríobh i mBéarla nó i dteanga eile ach ní fhéadfainn an duine sin a chur ag scríobh mar go mbeadh orm leath mó lae a chaitheamh ag ceartú rudaí. Ní fheicim cé as a dtiocfadh an duine a thiocfaidh ina chomharba orm. Táim 31 anois. Chuaigh mé isteach sa phost nuair a bhí mé 26 agus beidh mé ag imeacht as nuair a bheidh mé 35, nó mar sin, mar ní dóigh liom go bhféadfainn a bheith i gceannas ar iris do dhaoine óga agus mé ag tarraingt ar 40. D’fhág Tomaí Ó Conghaile, a bhí romham, nuair a bhí seisean 36 freisin. Beidh sé deacair duine eile a aimsiú le teacht i m’áit. Beidh sé nó sí ann ach beidh sé deacair duine a aimsiú. Tagaim go huile is go hiomlán le Seán Tadhg Ó Gairbhí mar tá sé an-deacair scríbhneoirí maithe a fháil. Cuirimid rudaí ar fáil ar ardchaighdeán. Tá an caighdeán a bhíonn ar tuairisc.iethar cinn agus bíonn sé ar Nóschomh hard freisin agus is féidir liomsa a chinntiú. Is deacracht an-mhór é sin freisin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.