Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 9 March 2022
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Foilsitheoireacht agus Léitheoireacht na Gaeilge (Atógáil): Plé
Mr. Maitiú Ó Coimín:
Úsáidim Google Analytics agus tugann sé sin an t-eolas seo uilig dom. Tá 54% de na léitheoirí sna Sé Chontae Fichead. Sin Éire, dar le Google. Tá 10% sa Ríocht Aontaithe. Ní féidir liom é sin a bhriseadh síos idir na Sé Chontae, Albain, Sasana agus an Bhreatain Bheag. Déarfainn go bhfuil an chuid is mó acu lonnaithe sna Sé Chontae ach foilsíonn muid ailt i nGaeilge na hAlban agus i nGaeilge Mhanann freisin, so tá léitheoirí againn sa dá thír sin. Tá 24% de na léitheoirí sna Stáit Aontaithe. Is mór an mhéid é sin. Tá liosta ann freisin den deich dtír is mó ina bhfuil léitheoirí againn. Níl na figiúirí agam dóibh ach tá Ceanada ar bharr an liosta i ndiaidh Éire, an Ríocht Aontaithe agus na Stáit Aontaithe. Ansin tá an Bheilg - is dóigh mar gheall ar na haistritheoirí uilig atá thall sa Bhruiséil - an Fhrainc, an Ghearmáin, an Astráil, an Ísiltír agus an Iorua. Is féidir liom liosta níos cuimsithí a chur ar fáil agus briseadh síos a thabhairt ar na cathracha. Is dóigh go mbeadh Baile Átha Cliath ar dtús, Gaillimh sa dara háit agus Béal Feirste sa tríú háit. B’fhéidir nach bhfuil sé sin cruinn ach is féidir liom an t-eolas sin a chur ar fáil don Teachta.
Ó thaobh na cúiseanna taobh thiar de na figiúirí sin, tá 54% in Éirinn mar gur iris Ghaeilge muid in Éirinn. Mar a luaigh mé, is dóigh gur sna Sé Chontae atá na léitheoirí ón Ríocht Aontaithe don chuid is mó agus go bhfuil na cuid eile ann de bharr na hailt eile i nGaeilge na hAlban. Cé nach bhfuil Oileán Mhanann sa Ríocht Aontaithe, is dóigh liom go gcuirtear san áireamh sna staitisticí sin é freisin. Tá Conradh na Gaeilge i Londain agus bíonn siad ag caint linn agus ag cur rudaí againn. Mar shampla, nuair a bhásaigh Tony Birtill, iriseoir as Learpholl, bhí alt againn in ómós dó, scríofa ag cainteoir Gaeilge as Learpholl. Bíonn imeachtaí éagsúla ann. Bhí tuairisc againn ar chomhdháil na Breataine de chuid Chonradh na Gaeilge sa Bhreatain. Meallann sé sin cainteoirí Gaeilge mar go mbaineann sé leo. Ar an lámh eile, mar a tharlaíonn ar fud an domhain, úsáideann grúpaí foghlama Nós, tuairisc.ie, Feastaagus Comharle cleachtadh.
Tá go leor cainteoirí Gaeilge sna Stáit Aontaithe agus déanaimid iarracht freastal orthu sin ar bhealach éigin. Cuirim féin an-spéis sna daoine bundúchasacha i Meiriceá agus ina dteangacha agus tá nasc áirid ansin. B’fhéidir gur cuimhin leis an Teachta gur thosaigh Éireannaigh ag tabhairt airgid don Navajo aimsir na paindéime, i mBealtaine nó Aibreán 2020. Ba i Nósa bhí an scéal sin ar dtús. Sin an chéad iris a chur an scéal sin amach. Bhí caint faoi ar na meáin shóisialta roimhe sin ach is dóigh liomsa gur Nósan chéad iris in Éirinn a d’fhoilsigh an scéal faoi na Navajo i Meiriceá. Tá baint aige sin le líon na léitheoirí atá againn thall ansin agus scéalta mar sin. An bhfreagraíonn sé sin an cheist faoi léitheoirí thar lear?
No comments