Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 9 March 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Foilsitheoireacht agus Léitheoireacht na Gaeilge (Atógáil): Plé

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source

Léimeann go leor rudaí amach. Ar éigean go bhfaca mé pictiúr nó píosa scríofa ó bhean san eagrán is déanaí, ach ceann amháin. Bhreathnaigh mé go sciobtha air. An bhfuil sé deacair iad a fháil? Tá sé deacair scríbhneoirí Gaeilge a fháil ar aon nós, agus tiocfaidh mé ar ais ag Seán Tadhg faoi sin, ach tá an easpa ban suntasach.

Baineann muid go léir úsáid as tuairisc.ieagus gabhaim buíochas leis an bhfoireann as a gcuid oibre. Díreoidh mé isteach ar chúpla rud. Fuair tuairisc.iemaoiniú chun nuachtán seachtainiúil a fhoilsiú agus rinneadh cinneadh stuama nach leor é sin agus go raibh ar tuairisc.ie é a fhoilsiú gach lá. Cén chaoi gur féidir é sin a dhéanamh laistigh de na hacmhainní srianta atá ag tuairisc.ie? An raibh deis ag na finnéithe dul ar ais ag foinse an airgid agus a rá nach féidir é a dhéanamh, go raibh ag éirí go maith leo mar go raibh siad ag déanamh a ndícheall gach lá ach go raibh an t-airgead tugtha ar bhonn seachtainiúil?

Tháinig cúrsaí oiliúna suas arís agus arís le déanaí. Tá duine atá ag obair liom ag freastal ar an ollscoil faoi láthair. Tá fadhb ann ó thaobh easpa ábhar léitheoireachta sa tríú leibhéal agus tá mic léinn ag streachailt le cúrsa mar go bhfuil na hacmhainní i mBéarla. Ní hí seo an cheist is tábhachtaí ach cárbh as a dtiocfaidh na scríbhneoirí i gceann deich mbliana? An bhfuil aon fhóram nó aon bhealach chun é seo a phlé leis na hinstitiúidí tríú leibhéal? An bhfuil rudaí ag feabhsú nó an bhfuil siad ag dul siar? Tá na dúshláin leagtha amach sna ráitis ach b’fhéidir go mbeidh deis ag na finnéithe tuilleadh a rá fúthu sin. Dúradh gurb í an Ghaeilge ceann de na fadhbanna mar go mbíonn na ráitis agus na foinsí go léir i mBéarla.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.