Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 9 March 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Foilsitheoireacht agus Léitheoireacht na Gaeilge (Atógáil): Plé

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source

Bíonn an locht céanna ormsa. Bheadh sé cabhrach dúinne an cur i láthair a bheith againn más féidir é a sheoladh. Bhí mé ag scríobh agus ag scríobh. An rud a léim amach dom, taobh amuigh de na fadhbanna ó thaobh tuilleadh foirne agus tuilleadh acmhainní a bheith ag teastáil - níl aon argóint agam ina choinne sin - ná go bhfuil céatadán suntasach de na léitheoirí taobh amuigh den tír. Léim sé sin amach. Tá Nóslonnaithe i mBéal Feirste. Ba mhaith liom briseadh síos ar cá bhfuil na léitheoirí sin. Tá beirt dheartháir agam i Toronto a d’fhreastail ar ranganna Gaeilge agus bhí siad i gcónaí ag iarraidh foinsí Gaeilge a fháil. Dúirt Maitiú gur mhaith leis eagrán níos rialta a chur ar fáil. Arís, ba mhaith liom sonraí air sin. Cad atá i gceist le níos rialta? An gciallaíonn sé sin gach lá?

Maidir le Feastaagus 1948, tá éacht déanta. Sin an bhliain a d’fhógair muid go mbeadh poblacht againn an bhliain dár gcionn. Léimeann rud amháin amach sa mhéid a dúirt Cormac.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.