Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 9 March 2022
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Foilsitheoireacht agus Léitheoireacht na Gaeilge (Atógáil): Plé
Niall Ó Donnghaile (Sinn Fein) | Oireachtas source
Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach. Gabhaim buíochas lenár n-aíonna freisin as a gcur i láthair. Caithfidh mé mo leithscéal a ghabháil mar beidh orm freastal ar an Seanad ina dhiaidh seo agus ní bheidh mé in ann fanacht ar an bhfreagra iomlán ach is féidir liom é a léamh siar.
Chím nó léim tuairisc.ieachan lá agus sílim gur áis nuachta agus scéalta iontach tábhachtach í. Táim féin agus an Cathaoirleach ar ghrúpa chat ar WhatsApp do chúrsaí Gaeilge agus déarfainn go bhfuil tvuít nó dhó curtha isteach achan lá ó tuairisc.ie. Tá seanaithne agam ar Nósnuair a bunaíodh é i mBéal Feirste. Ba é an rud is mó faoi Nósag an am ná go raibh sé dírithe den chuid is mó ar Ghaeilgeoirí óga uirbeacha taobh amuigh den Ghaeltacht, cé nach raibh sé teoranta dóibh siúd. Bhí cineál rud ar leith faoi Nós mar sin. Níl an aithne chéanna agam ar Feastaach is léir ó na cóipeanna a fuaireamar inniu an tábhacht a bhaineann leis chomh maith.
Tá mórcheist agam faoi chúrsaí clódóireachta agus foilseachán i dtaca leis an nGaeilge agus faoin áit a bheidh sé, i mbarúil ár n-aíonna, b’fhéidir faoin cheann cúig nó deich mbliana. Tuigim an tábhacht a bhaineann le maoiniú óna leithéidí Fhoras na Gaeilge. Ón méid atá ráite ag ár n-aíonna inniu, mothaím gur cosúil go bhfuil an maoiniú ag clúdach an bare minimum. Deirim sin le hardmheas ar an bhforas ach aithním fosta ón méid atá ráite ag an gCathaoirleach faoi na foilseacháin a bhí ann roimhe seo, agus ó na haíonna féin, dá mbeadh an seal acu níos mó a dhéanamh, go dtiocfadh leo gníomhú amhlaidh. Aithním ag an am céanna nach féidir achan rud a mhaoiniú. Sa chomhthéacs ina bhfuilimid faoi láthair le cúrsaí foilseachán agus clódóireachta ar bhonn domhanda, agus an saol ag athrú de shíor, cá háit a bheidh an t-ábhar seo, i mbarúil ár n-aíonna, i gceann bliana, cúig bliana nó deich mbliana?
Aontaím leis an gCathaoirleach nuair a deir sé nach bhfuil foilseacháin rialta Ghaeilge againn. Aithnímid go léir go bhfuil rudaí ag athrú ina thaobh sin agus go bhfaigheann an chuid is mó dúinn ár gcuid nuachta agus scéalta ar líne anois. Tá dhá shíntiús agam faoi láthair agus tá an dá cheann acu sin i mBéarla, ceann leis An Phoblacht– sílim go mbeadh aithne éigin ag an gCathaoirleach ar an bhfoilseachán sin fosta – agus ceann le Tribune, foilseachán de chuid an eite chlé thall i Sasana. Tá samhlacha ann ansin. Cad é barúil ár n-aíonna ar an dóigh go dtiocfadh linn an rud sin a bhaint amach anseo arís?
Gabhaim leithscéal leis an gCathaoirleach mar táim imithe beagáinín ar strae ach bhí mé ag iarraidh na pointí sin a dhéanamh. Is í an bhuncheist, agus b’fhéidir an mhórcheist i dtaca leis an ábhar seo, ná cá háit a bheimid i gceann cúpla bliain, de réir mar atáimid ag gabháil faoi láthair, i dtaca leis an gceist seo. Is ceist shimplí í, dar ndóigh.
No comments