Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 9 March 2022
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Foilsitheoireacht agus Léitheoireacht na Gaeilge (Atógáil): Plé
Mr. Seán Tadhg Ó Gairbhí:
Gabhaim buíochas leis an gcoiste as an deis a thabhairt dúinn labhairt faoi ábhar ar a ndéantar neamhaird go minic, sé sin, iriseoireacht scríofa na Gaeilge. Tá mise i m’eagarthóir ar tuairisc.ieagus ar dhuine de bhunaitheoirí na seirbhíse. Seirbhís nuachta do phobal uile na Gaeilge in Éirinn agus thar lear í tuairisc.ie, atá á cur ar fáil ag Tuairisc Bheo Teoranta agus cuireann Foras na Gaeilge maoiniú ar fáil dúinn. Foilsíodh tuairisc.iegach lá den tseachtain ó tháinig ann dó ar an 9 Deireadh Fómhair 2014. Seirbhís nuachta ilmheáin agus il-ardáin atá i tuairisc.ieagus é mar sprioc againn go mbeadh sí ar thús cadhnaíochta i bhforbairt na hiriseoireachta i nGaeilge. Tá tuairisc.ieina cuid lárnach anois de shaol phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta. De réir na bhfigiúirí go léir, tá dul chun cinn an-mhaith á dhéanamh againn ó bunaíodh an tseirbhís ar líne agus is ríléir ó na figiúirí sin go mbraitheann an pobal gur seirbhís í ar féidir leo brath uirthi agus a bheith mórtasach aisti.
Tá tuairisc.ieanois ar an suíomh aonteangach Gaeilge is mó tráchta ar líne agus fágann an tóir a bhíonn ag daoine uirthi gach lá gur dócha go mbíonn níos mó Gaeilge á léamh anois ag daoine ná mar a bhí riamh. Is údar misnigh agus bróid dúinn leis go bhfuil tuairisc.ieá fhoilsiú gan teip gach lá le breis is 2,700 lá anuas. Tá an méid sin déanta in ainneoin gur maoiniú d’fhoilseachán ar líne uair sa tseachtain atá againn ó 2014 i leith. Cé gur maoiniú do nuachtán seachtainiúil a tugadh dúinn seacht mbliana ó shin, taibhsíodh dúinn nach n-oibreodh a leithéid de mhúnla agus shocraíomar, i gcomhar le Foras na Gaeilge, seirbhís laethúil a chur ar fáil. B’é sin an cinneadh ceart in ainneoin an dua a bhain le seirbhís laethúil a choimeád beo ó shin gan ár ndóthain foirne ná acmhainní againn ach do nuachtán seachtainiúil. Mar sin, tá seirbhís níos rialta, níos cuimsithí agus níos rathúla á cur ar fáil againn ná mar a cuireadh ar fáil roimhe seo, cé gur lú an maoiniú atá againn ná na nuachtáin a chuaigh romhainn.
Is ar phobal na Gaolainne agus na Gaeltachta is mó atá tuairisc.iedírithe, sé sin, na daoine a labhraíonn Gaeilge gach lá lasmuigh den chóras oideachais, agus ní dhéanaimid aon leithscéal faoi bheith dírithe ar an dream sin. Ní sin le rá go mbíonn aon duine á chur ó dhoras againn. Tá rannóg d’fhoghlaimeoirí againn agus tá áis “foclóirí” againn chun cabhrú le daoine agus iad ag léamh ar an suíomh. Leagtar an-bhéim ar tuairiscar cheart-úsáid na teanga agus d’fhéadfaí a mhaíomh gur áis fhoghlama atá sa suíomh go léir d’aon duine atá ag iarraidh an Ghaeilge a fhoghlaim nó cur leis an nGaeilge atá acu. Tá fáilte roimh chách ar tuairisc.iemar sin agus bíonn gach saghas ábhar ó gach cearn den domhan againn.
Mar gheall ar na hacmhainní a bheith chomh gann sin againn, is é an cur chuige atá ag tuairisc.iená béim ar leith a leagan ar scéalta nuachta a chuireann pobal na Gaeilge agus Gaeltachta suim iontu agus nach ndéantar tuairisciú rómhinic orthu sna meáin Bhéarla. Is minic, mar sin, go bhfágtar faoi lucht anailíse agus cholúnaithe tuairisc.iescéalta náisiúnta nó idirnáisiúnta eile. I gcás scéalta rímhóra náisiúnta nó idirnáisiúnta, déanann tuairisc.iegach iarracht na scéalta sin a thuairisciú chomh tapa leis na meáin eile. Dá ndéanfaí é sin rómhinic, áfach, is é an toradh a bheadh air ná nach mbeadh ar bun againn ach aistriúchán faoi dheifir ar scéalta a mbeadh leaganacha níos údarásaí díobh ar fáil i mBéarla ó dhreamanna eile a bhfuil na hacmhainní acu don chúram. B’fhearr linn, i bhfianaise na n-acmhainní fíor-theoranta atá againn, seirbhís údarásach shainiúil a chur ar fáil dár bpobal, seirbhís nach bhfuil a mhacasamhail ar fáil aon áit eile. Tugtar scéalta Gaeilge ar an iliomad cineálacha scéalta atá againn, ach d’fhéadfaí chomh maith céanna scéalta oideachais, scéalta dlí, scéalta polaitiúla, scéalta daonna, nó scéalta faoi chearta an duine a thabhairt orthu. An cur chuige atá againne ná tús áite a thabhairt do na scéalta seo, scéalta a rachadh i ngan fhios don phobal go minic mura ndéanfaimis amhlaidh.
Caithfimid le cás na Gaeilge mar cheist thábhachtach d’Éirinn go léir. Cuirimid romhainn plé macánta bríomhar a dhéanamh ar gach gné de chás na Gaeilge, de pholasaí teanga an dá Stát agus de shaol phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta. Cuirtear ardán ar fáil ar tuairisc.iedo ghlórtha éagsúla agus tuairimí éagsúla ar mhaithe le díospóireacht fhónta atá bunaithe ar eolas a spreagadh, rud a chuireann le seasamh agus stádas na Gaeilge sa phobal. “Focal, fís agus fuaim” an cur chuige gur mhaith linn a bheith againn ar tuairisc.iei gcónaí, ach tá forbairt na gné ilmheán den suíomh ag brath go mór ar acmhainní breise. Déanaimid iarracht leas na Gaeilge agus na Gaeltachta a dhéanamh trí imscrúdú agus tuairisciú a dhéanamh ar gach gné de chás na teanga, de pholasaí teanga an Stáit agus de shaol phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta. Déanaimid iarracht leas na teanga a dhéanamh trí thuairisciú agus anailís oibiachtúil mhacánta a dhéanamh ar chás na teanga agus na Gaeltachta, seachas a bheith ag seachaint na fírinne ar mhaithe le meon dearfach gan bunús a chothú.
Idir 2014 agus 2021, thug 1.96 milliún duine 6.4 milliún cuairt ar an suíomh agus d’fhéach na daoine sin ar 15.1 milliún leathanach. Maidir leis na seirbhísí nuachta ar líne, idir Bhéarla agus Ghaeilge, léirigh suirbhé a rinne TG4 agus Ollscoil na hÉireann Gaillimh in 2021 go bhfuil tuairisc.ieagus rte.ie, an mórshuíomh Béarla, gob ar ghob ar bharr an liosta. Tugadh le fios i 61% de na ceistneoirí go mbaintear úsáid i gcónaí nó go minic as rte.iemar fhoinse nuachta agus is 59% a bhí i gceist i gcás tuairisc.iesa dara háit. Ó bunaíodh tuairisc.ie, fágadh os cionn 20,000 trácht faoi scéalta tuairisc.iear an suíomh féin agus spreag scéalta tuairisc.iena milliúin trácht agus idirghníomhaíocht eile ar na meáin shóisialta. De réir taighde a rinne an Dr. Kevin Scannell, saineolaí ar úsáid na Gaeilge ar líne, tá tuairisc.iei lár an aonaigh i measc phobal na Gaeilge ar líne.
Nuair a bunaíodh tuairisc.ie, bhí go leor éiginnteachta ann faoina raibh i ndán d’iriseoireacht scríofa na Gaeilge sa ré dhigiteach agus deireadh curtha le nuachtáin chlóite na Gaeilge. Mar atá ráite cheana, cuireadh a dhóthain maoinithe ar fáil do tuairisc.iea chuirfeadh nuachtán seachtainiúil ar líne amach, ach tá seirbhís laethúil curtha ar fáil againn ó shin agus í níos cuimsithí ná mar a bhíothas ag súil. Tá maoiniú níos lú á fháil ag tuairisc.iemar dheontas bliantúil ná mar a bhí á fháil breis is deich mbliana ó shin ag an nuachtán seachtainiúil a bhí ann romhainn, in ainneoin seirbhís i bhfad níos rialta a bheith á cur ar fáil againn. Sin gan trácht ar an mbearna mhillteanach a bhí riamh ann idir maoiniú na meán scríofa Gaeilge agus maoiniú na meán Gaeilge agus eagraíochtaí Gaeilge eile. Dá fheabhas cuid acu, ní léir dúinne aon tábhacht bhreise a bheith ag baint le go leor de na seirbhísí eile sin seachas mar atá ag baint le seirbhís nuachta scríofa ilmheáin ar ardchaighdeán. Go deimhin, is deacra an bhearna seo a thuiscint nuair a chuimhníonn tú ar chomh tábhachtach is atá an tseirbhís nuachta ar líne anois i gcomparáid le seacht mbliana ó shin fiú. Is €500,000 sa bhliain an ciste d’iriseoireacht scríofa na Gaeilge ó 2014 i leith. Breis is €800,000 sa bhliain a bhíodh ann roimhe sin. Breis is €60 milliún atá ag craoltóirí na Gaeilge gach bliain. Nílimid ina ndiaidh orthu - is maith ann iad - ach is léir go bhfuil rud éigin bunoscionn leis an maoiniú atá ar fáil do na nuachtáin agus na hirisí Gaeilge.
Mar atá ráite cheana againn, is iad easpa acmhainní agus easpa foirne na dúshláin is mó atá romhainn. Fágann na deacrachtaí bunúsacha sin gur tréimhse chaomhnaithe agus dhaingnithe atá romhainn ó thaobh na seirbhíse de. Tá creidiúint mhór ag dul d’Fhoras na Gaeilge as an gcinneadh a ghlacadh nuachtán ar líne a fhorbairt agus as tacú leis an múnla a leag tuairisc.iesíos, ach beidh síorfhorbairt agus síorinfheistíocht ag teastáil ón gcineál seirbhíse a chuireann tuairisc.iear fáil, go háirithe mar go mbíonn an teicneolaíocht agus na múnlaí iriseoireachta sa réimse seo ag athrú an t-am go léir.
Ar na dúshláin mhóra eile atá roimh tuairisc.ietá an ghéarchéim teanga féin, agus go háirithe an ghéarchéim scríbhneoireachta atá ann sa Ghaeilge. Ónár dtaithí i mbun na foilsitheoireachta ar líne le breis is seacht mbliana anuas, tá easpa mhór iriseoirí sa Ghaeilge atá oilte sa chúram seo. Mar sheirbhís nuachta a bhíonn ag foilsiú ábhair gach lá agus ag saothrú in aghaidh an chloig i gcónaí, níl na hacmhainní againn an oiread agus ba mhaith linn a dhéanamh chun dul i ngleic leis an ngéarchéim sin. Ó thaobh na hiriseoireachta scríofa, tá, b’fhéidir, cúigear sa tír go léir a bhfuil beatha á shaothrú acu aisti. Tá cúrsaí acmhainní go mór sa treis anseo arís agus is minic a d’fhág iriseoirí óga maithe nuachtán Gaeilge chun dul ag obair áit éigin a raibh pá agus coinníollacha oibre níos fearr ar fáil.
Fadhb bhunúsach don iriseoireacht i nGaeilge is ea an easpa stádais atá ag an nGaeilge sa Stát. I mBéarla amháin a bhíonn fáil ar chuid mhór den bhuneolas ón Stát a mbíonn iriseoirí ag tarraingt as, a leithéidí preasráiteas, óráidí, tuarascálacha, agus mar sin. Mar shampla i mBéarla amháin a bhí na ráitis laethúla faoi Covid-19 a chuir an Roinn Sláinte amach gach lá ó thús na paindéime. Bhí artuairisc.ie na ráitis agus an t-eolas sin a aistriú gach lá. An nós a bhíonn ag cuid mhaith iriseoirí ná eolas a lorg ó Ranna Stáit i mBéarla más freagra pras atá uathu, mar is freagra pras a bhíonn ag teastáil go minic uainn san iriseoireacht. Nuair a chuirtear ráitis nó eolas ar fáil i nGaeilge, is minic nach aon chabhair rómhór é. Is minic go mbíonn ort dul ar ais go dtí an bunleagan Béarla chun ciall a bhaint as an drochaistriúchán Gaeilge.
Agus an teanga féin ag staid an-leochaileach, rud lena mbaineann dúshláin ar leith do na meáin Ghaeilge, tuairisc.iesan áireamh, is dea-scéal an rath atá ar ár suíomh nuachta. Creidimid gur chóir anois muinín a léiriú sa mhúnla atá leagtha síos againn agus na hacmhainní cuí a chur ar fáil chun an nuachtán ar líne a fhorbairt. Is den riachtanas é go léireodh maoiniú tuairisc.ietábhacht, caighdeán agus rath intomhaiste na seirbhíse. Ba chóir go léireodh an maoiniú chomh maith tuiscint níos fearr ar an bhforbairt bhreise iontach a d’fhéadfaí a dhéanamh ar an tseirbhís ar líne, ar mhaithe le hiriseoireacht na Gaeilge agus le pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta.
Sna cúig bliana romhainn, ba mhian le tuairisc.iea stádas mar phríomhfhoinse nuachta ar líne phobal na Gaeilge a chosaint agus a neartú oiread agus is féidir. Ba mhaith linn fanacht ábhartha i gcónaí i réimse a bhíonn ag athrú de shíor. Tá sé in am an dílseacht mhór atá léirithe ag pobal na Gaeilge do tuairisc.ie a chúiteamh leo trí fhorbairt bhreise a dhéanamh ar an tseirbhís. Faraor, níl aon mhórfhorbairt bhreise i ndán do tuairisc.iesa tréimhse amach romhainn d’uireasa athrú suntasach chun feabhais ar an maoiniú agus ar na hacmhainní atá ar fáil dúinn. Mar sin, is bunsprioc straitéiseach de chuid an chomhlachta í cur le hacmhainní agus maoiniú tuairisc.ie. Údar misnigh dúinn san obair sin gur aontaíodh sa chonradh cúig bliana atá againn le Foras na Gaeilge go ndéanfar athbhreithniú rialta ar an maoiniú atá ar fáil dúinn. Idir an dá linn, ba mhaith linn a mholadh do bhaill an choiste seo go n-iarrfadh sibh ar na heagrais Stáit go léir a bhfuil lámh acu sa chúram go gcuirfí maoiniú breise ar fáil don earnáil seo a léireodh an tábhacht a bhaineann léi do phobal na Gaeilge agus don teanga féin. Gabhaim buíochas leis an gcoiste.
No comments