Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 9 March 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Foilsitheoireacht agus Léitheoireacht na Gaeilge (Atógáil): Plé

Mr. Cormac Ó hAodha:

Cinnte. Bíonn ceiliúradh ag gabháil le gach eagrán gan trácht air sin, ach is scéal eile é sin. Cuireann Feastaardán neamhspleách ar fáil do scríbhneoirí cruthaitheacha na Gaolainne agus is ina dhiaidh sin a thagann an fhoilsitheoireacht agus na léitheoirí. Ar ndóigh, is maith le scríbhneoirí in aon teanga go bhfuil léitheoirí acu. Is ceann de na hardáin atá ag scríbhneoirí Gaolainne é Feasta. Mar a chítear ar chlúdach na hirise - agus is dóigh liom go bhfuil cóip curtha ar fáil do na baill agam tríd an gcléireach - is "Reiviú den Smaointeachas Éireannach - Litríocht, Polaitíocht, Eolaíocht" atá i gceist againn le Feasta. Sna 74 bliain anuas, tá na trí ábhair sin clúdaithe againn go rialta mar iris mhíosúil. Ar ndóigh, cad ina thaobh nach mbeadh? Agus tá níos mó ná litríocht, polaitíocht agus eolaíocht clúdaithe againn freisin. Déantar é seo ar fad trí mheán na Gaeilge agus tá sé ar fáil ag éinne in Éirinn nó ar fud na cruinne ar mian leo síntiús a thógáil linn.

Tá síntiúsóirí ag Feasta sna 32 contae in Éirinn, i Sasana, sa Ghearmáin, sa Fhrainc, san Eilvéis, agus i gCeanada fiú amháin le déanaí. Tá scríbhneoirí againn as gach cearn den tír, mná agus fir, agus scríbhneoirí ag Feastaó na tíortha atá díreach luaite agam chomh maith leis an Astráil agus na Stáit Aontaithe agus araile.

Déantar Feastaa chló uair sa mhí i dTrá Lí, Contae Chiarraí agus cuirtear sa phost é trí sheirbhís An Post, ní le cúiréir nó aon rud eile. Is dóigh liom go bhfuil an pointe déanta agam go mbaineann Feastaleis an nGaeltacht agus le hÉirinn faoin tuath. Baineann sé leis an tír. Téann Feastaisteach sa chóras poist in oifig an phoist i mBaile Mhic Íre. Pé beagán de sin a dhéanann tairbhe don oifig an phoist sin, tá muidne an-sásta an tairbhe sin a dhéanamh go háitiúil. Leagan páipéir soláimhsithe, taitneamhach, daite, a thagann uair sa mhí tríd an bpost ó oifig an phoist áitiúil i mBaile Mhic Íre i nGaeltacht Mhúscraí is ea Feasta. Uaireanta, go háirithe i mBaile Átha Cliath, dearmadtar ar Éirinn faoin tuath. Theastaigh uaim é sin a rá agus tá sé ráite againn anois.

An moladh is mó a bheadh ag Feastadon chomhchoiste ná gur ceart do chomhchoiste na Gaolainne a mholadh don Aire gur chóir maoiniú, trí Fhoras na Gaeilge, nó trí chainéal eile, a chur ar fáil arís do Feasta, ar mhaithe le héagsúlacht irisí Gaolainne, éagsúlacht ábhar Gaolainne agus éagsúlacht ardán do scríbhneoirí agus do léitheoirí na Gaolainne inniu.

Tugann an Stát agus gach rialtas ó bhunú an Stát aitheantas, tacaíocht agus cúnamh do theanga na Gaolainne. Cad ina thaobh nach dtabharfadh? Sa bhliain 1948, chuir an Rialtas airgead ar fáil le go mbunófaí Feasta. Dúirt m’athair liom gurb é Frank Aiken an tAire a bhí ann ag an am. Ná fiafraigh díom cé mhéad airgead a chuir sé ar fáil; níl an fhigiúir sin agam. Ag an am sin, fostaíodh eagarthóir agus rúnaí leis an deontas sin, pé suim a bhí i gceist. Fear as Baile Átha Cliath darb ainm Seosamh Ó Duibhginn ab ea an chéad eagarthóir ar Feasta. Lean an scéal mar seo go dtí tús na 1960idí.

Is fiú a chur san áireamh freisin gur bhunaigh Foras na Gaeilge Áisínteacht Dáiliúchán Leabhar, ÁIS, 30 bliain ó shin. Is léir go raibh Foras na Gaeilge os comhair an choiste an tseachtain seo caite cé nach bhfuil ÁIS fós ann. Bunaíodh ÁIS 30 bliain ó shin chun scaipeadh leabhair Gaolainne agus irisí Gaolainne a fhorbairt. Thosaíodar le leabhair agus bhíodar chun tabhairt faoi irisí a dhíol tar éis bliana nó dhó ach, mo mhairg, níor thosaíodar ar chúram na n-irisí Gaolainne go fóill.

Ag léim ar aghaidh roinnt mhaith blianta, ar mhaith leis an achoimre seo agus libhse atá ag éisteacht, bhíodh maoiniú á fháil ag Feastaón Rialtas trí Fhoras na Gaeilge go dtí gur cuireadh deireadh leis sin roinnt blianta ó shin. Is féidir liom é sin a mhíniú níos mó nuair a bheimid ag déanamh comhrá níos déanaí má bhíonn spéis ag baill an cheist a chur. Anois, tugann Foras na Gaeilge airgead do roinnt ceanneagraíochtaí, agus ní fúmsa é sin a mhíniú gan dabht, ina measc Conradh na Gaeilge. Tugann Conradh na Gaeilge €10,000 sa bhliain do Feasta.

De thoradh ar iarratais ar mhaoiniú ón gComhairle Ealaíon, iarratais a théann chomh fada le 40 leathanach ar fhaid, bliain i ndiaidh bliana, éiríonn le Feastabeagán beag de bhreis ar an méid €10,000 sin a fháil, thart ar €13,000. Níl aon chinnteacht go mbeidh sé ann an bhliain dár gcionn nó go mbeidh ráth ar an iarratas, ach maoiniú atá ann mar sin féin. Táimid an-bhuíoch don Chomhairle Ealaíon as an maoiniú sin bliain i ndiaidh bliana.

Tá ioncam áirithe againn ó dhíolaíocht agus beagán beag bídeach ó fhógraíocht. Níl fáil go héasca ag aon iris Ghaolainne ar ioncam fógraíochta. Níorbh fhéidir an bhreis oibre a bheadh ag baint le hioncam fógraíochta agus díolaíochta a aimsiú a leagan go hiomlán ar an bhfoireann dheonach, sin beirt agus mise duine acu, atá ann faoi láthair. Theastódh duine a fhostú ar bhonn páirtaimsire chun tabhairt faoin gcuid is mó den riachtanas breise sin. Bheadh sé deacair teacht ar a leithéid de dhuine.

Tabharfaidh mé an achoimre chun deireadh leis an moladh is mó atá agam le tabhairt don choiste; is é sin ná gur ceart don choiste seo a mholadh don Aire gur chóir maoiniú, trí Fhoras na Gaeilge nó eagraíocht eile, a chur ar fáil arís do Feasta, ar mhaithe le héagsúlacht irisí Gaolainne na hÉireann, le héagsúlacht ábhar Gaolainne agus le héagsúlacht ardán do scríbhneoirí agus do léitheoirí na Gaolainne inniu. Ní féidir linn, ceal acmhainní, an iris a mhéadú. Tá 20 leathanach inti faoi láthair. Ní thógfadh sé an oiread sin oibre breise ar an eagarthóir ná ar scríbhneoirí an iris a mhéadú go 28, 32 nó 40 leathanach, mar a bhíodh tráth, ach ní féidir linn í a laghdú mar ní bheadh iris ann. Más níos lú ná 20 leathanach a bheadh inti, ní iris a bheadh inti i ndáiríre. Ceal acmhainní, ní féidir linn dul ar aghaidh nó ní féidir linn dul siar.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.