Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 9 March 2022
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Foilsitheoireacht agus Léitheoireacht na Gaeilge (Atógáil): Plé
Mr. Cormac Ó hAodha:
Gabhaim míle buíochas le Cathaoirleach agus comhaltaí an chomhchoiste as an gcuireadh a thabhairt dom labhairt leo inniu. Is mise eagarthóir ar Feastaó mhí Eanáir 2020 i leith. Is as Cúil Aodha i nGaeltacht Mhúscraí, Contae Chorcaí, dom agus is sa Ghaeltacht sin atáim ag cur fúm inniu agus ag tógáil mo chlainne le Gaolainn Mhúscraí. Thar ceann na hirise Feasta, táim buíoch den chomhchoiste as an gcuireadh a fháil labhairt inniu ar spreagadh fhoilsitheoireacht agus léitheoireacht na Gaolainne.
Tá baint ag Feastagan dabht le foilsitheoireacht agus léitheoireacht na Gaolainne ach is dócha go bhféadfaí a rá go bhfuil scríbhneoireacht na Gaolainne ina gné an-lárnach d’obair Feastaó bhliain a bunaithe, 1948, i leith. Tá an 75ú imleabhar de Feastaá líonadh i mbliana. Tá Feastaag teacht amach in aghaidh na míosa le 74 bliain móide an bhliain seo. Táimid ann le tamall níos faide i bhfad ná an tamall ina raibh mise i réim.
No comments