Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 2 March 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Logainmneacha na Gaeltachta: An tAire Stáit ag an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Ó thaobh an phointe atá ann, léigh mé an freagra a thug GeoDirectory agus an rud a dúirt Eircode agus, chun a bheith fírinneach, tá pointe acu siúd mar is ar an Roinn atá an dualgas. Eascraíonn chuile shórt as an Roinn. Ba chóir smaoineamh ar an rud atá á rá linn inniu. Thug an Coimisinéir Teanga a thuairim, tar éis imscrúdú cuimsitheach a dhéanamh, go bhfuil an dlí á bhriseadh ag Roinn Stáit. Ní dúirt sé go raibh sé á bhriseadh ag éinne eile agus ní bhacann an Roinn sin le comhairle dlí a fháil. Ansin, níl geallúint á tabhairt tráthnóna go bhfaighfear comhairle dlí. Cén mhaith dúinn a bheith ag suí anseo má tá sé fíor nár bacadh leis é sin a dhéanamh? Tá sé craiceáilte. Tá sé in am againn coinneáil go dtí an pointe agus gan a bheith ag glacadh le freagraí nach mbaineann le hábhair.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.