Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 2 March 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Logainmneacha na Gaeltachta: An tAire Stáit ag an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

No, sorry. I did not ask that question. The Minister of State is missing the whole point here. Níl a fhios agam an bhfuil an t-aistriúchán foirfe, mar bhí an pointe a rinne mé simplí, is é sin ná ní bhaineann sé seo leis an ardú, baineann sé leis an bplean. Dúirt an coimisinéir nár chloígh an Roinn leis an bplean, agus mura gcloíonn sí leis an bplean, is sárú ar an dlí é sin. Mar dhuine a bhí lárnach sa phlé ar an Acht teanga in 2003 ó tharla go raibh mé Aire ag an am, táim sásta go bhfuil an ceart ag an gcoimisinéir gur ionann sárú ar an bplean agus sárú ar an dlí.

Ó tharla go bhfuil sé admhaithe anseo nár lorg an Roinn comhairle an Ard-Aighne, an bhfuil an tAire Stáit sásta comhairle an Ard-Aighne a fháil anois? An bhfuil an ceart ag an gcoimisinéir ina thuairim go bhfuil an dlí sáraithe ag an Roinn, nó an bhfuil an coimisinéir mícheart go bhfuil an dlí sáraithe, i dtuairim an Ard-Aighne? Ba cheart dúinn freagra na ceiste sin a fháil. Ní ghlacaim le bainistíocht. Is ionann é sin agus príomhfheidhmeannach ospidéil ag rá go raibh cruinniú bainistíochta ann agus go ndearna siad cinneadh, mar bhainisteoirí gan aon chomhairle leighis, ar obráid atá le déanamh ar dhuine éigin. Níl aon chiall leis sin.

An bhfuil an tAire Stáit sásta comhairle an Ard-Aighne a fháil ar an gceist an bhfuil an dlí sáraithe nó nach bhfuil? Má tá sé sáraithe, tá go leor bealaí ann chun an fhadhb sin a réiteach, ach táimid ag iarraidh a fháil amach an é tuairim na Roinne é, tar éis comhairle dlí a fháil ón t-aon údarás amháin atá údarásach sa deireadh, an tArd-Aighne, go bhfuil an dlí sáraithe nó nach bhfuil.

Níl aon mhaith dul ar aghaidh leis an díospóireacht. Tá go leor rudaí eile gur mhaith liom a phlé anseo, mar shampla, an fáth nach bhfuil na logainmneacha de 30% de na seoltaí taobh amuigh den Ghaeltacht ar fáil. Fágfaimid é sin ar leataobh i dtosach báire. Go dtí go bhfaighimid amach céard é tuairim an Ard-Aighne faoin dlí seo, is ag dul timpeall i gciorcal a bheidh muid. Tá sé in am anois go dtosóidh Ranna Stáit ag tabhairt freagraí díreacha ar cheisteanna díreacha istigh sa gcoiste seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.