Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 2 March 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Logainmneacha na Gaeltachta: An tAire Stáit ag an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Tá fáilte roimh an Aire Stáit. Tá dhá rud anseo. Tá an t-ordú a rinne mise, mar a tharlaíonn sé, mar feicim m'ainm air, maidir le húsáid logainmneacha Gaeilge agus Gaeltachta. Níl sé sin mar fhadhb sa chás seo. Ansin tá an rud a thuigimse atá mar chnámh spáirne anseo, is é sin nuair a tharraing Roinn an Aire Stáit an dualgas uirthi féin nuair a deimhníodh scéim leis an Roinn ealaíon, oidhreachta agus pobail Ghaeltachta, mar a bhí ag an am, inar ndúirt an Roinn go n-úsáidfí na leaganacha Gaeilge de na hainmneacha sa Ghaeltacht amháin. Tá dhá dhearmad á ndéanamh ag Ranna an t-am uilig i gcás a leithéid de scéimeanna, is iad sin go ndéanann siad rudaí gan na himpleachtaí a scrúdú agus go ndéanann siad dearmad anois is arís eile go bhfuil feidhm dhlí leis na scéimeanna seo. De réir mar a thuigim é, is é toradh an imscrúdaithe a rinne an coimisinéir ná gur sháraigh an Roinn an dlí toisc go mbaineann an dlí go sonrach ní h-amháin leis an Roinn ach le haon chonradh fochomhlachta atá ag an Roinn mar an bpríomhchonraitheoir.

Ar lorg an Roinn comhairle an Ard-Aighne nuair a bhfuair sí an t-imscrúdú? An raibh an ceart ag an gcoimisinéir, ó thaobh an dlí de, gur sháraigh nó nár sháraigh an Roinn an dlí? Má sáraíodh é, is cuma cé chomh místuama agus a cheap an Roinn é a bheith, ní féidir le Roinn an dlí a shárú mar sin. Cén chaoi is féidir linn a bheith ag súil go mbeadh ómós ag an bpobal ar an dlí mura bhfuil na Ranna ag cloí leis na dlíthe nuair nach bhfeileann siad dóibh? Sin é croí na ceiste seo. Níl mé ag rá gur smaoinigh an té a cheap an scéim sa Roinn ar an rud a atá á dhéanamh acu, ach ní leithscéal ar bith é sin mar, mar is eol don Aire Stáit, má dhéantar dearmad maidir le cúrsaí leasa shóisialaigh nó aon rud eile, ní aon chosaint faoin dlí é aineolas, agus beirtear ar shaoránaigh chuile lá den tseachtain ar an mbunús sin.

Is ceist shimplí í an cheist atá agam. An bhfuil breithiúnas nó tuairim an Ard-Aighne faighte ag an Roinn faoin gceist a d’ardaigh an Coimisinéir Teanga, is í sin an bhfuil an Roinn ag comhlíonadh an dlí nó an bhfuil an dlí á sárú aici? Tá súil agam go bhfaighinn an freagra "Fuaireamar an chomhairle sin" nó "Ní bhfuaireamar comhairle air sin".

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.