Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 2 March 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Logainmneacha na Gaeltachta: An tAire Stáit ag an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide

Photo of Niall Ó DonnghaileNiall Ó Donnghaile (Sinn Fein) | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an Aire Stáit as a cur i láthair. Níl an taithí ná an t-eolas céanna agam ar an ábhar seo mar níl Eircodes i bhfeidhm sa chuid d’Éirinn ina bhfuil mise i mo chónaí. Mar sin ní sheasfaidh mé idir comhghleacaithe eile a bhfuil ceisteanna i bhfad níos práinní acu. Níl uaim ach pointe eolais a thabhairt don Aire Stáit agus dá hoifigigh, is é sin an taithí a bhíonn againn sna Sé Chontae ó am go chéile nuair a chuirtear post trí mheán na Gaeilge ó Thuaidh. Cuirtear ar ais é gan an ceann scríbe a bhaint amach toisc go bhfuil an seoladh scríofa i nGaeilge. Is fiú don Aire Stáit a fhiosrú, trína hoifig nó tríd an Chomhairle Aireachta Thuaidh-Theas, cén fáth a bhfuil sé sin ag tarlú agus stop a chur leis sin. Ardaíodh an cheist seo sna meáin cúpla uair nuair nach raibh daoine ag fáil a bpost a sheoladh ó Dheas agus nach raibh a cheann scríbe á bhaint amach aige mar gheall ar an seoladh a bheith scríofa i nGaeilge. Tuigim agus aithním go bhfuil sé lasmuigh den réimse stuif atá á phlé againn agus nach bhfuil an tAire Stáit freagrach as sin, ach toisc go raibh an seal agam é a ardú léi ag an gcoiste inniu agus go mbaineann sé le cúrsaí agus cearta Gaeilge, bhí mé ag iarraidh an pointe sin a ardú agus an t-eolas a thabhairt di.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.