Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 2 March 2022
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Logainmneacha na Gaeltachta: An tAire Stáit ag an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Catherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source
Gabh mo leithscéal ach ní hé sin é. Deir an coimisinéir ina thuarascáil:
Is bun riachtanas é áfach go gcomhlíontar dualgais reachtúla teanga agus ní féidir le haon socraithe eile teacht in áit na ndualgais sin nó na dualgais sin a mhaolú ar aon bhealach.
Sin í an chonclúid. Sin a dúirt sé go soiléir. Ag eascairt as sin, lean sé ar aghaidh i gcumarsáid leis an Roinn. B’fhéidir go mbeidh mo chomhghleacaithe in ann na deacrachtaí a chíoradh ach ag an bpointe seo níl ach rud amháin go bhfuil mise ag iarraidh a fháil amach. Tar éis seacht mbliana, táimid fós ag déileáil leis an bpraiseach chéanna i ndáiríre. Bhí ar an gCoimisinéir Teanga an tuarascáil a chur os comhair na Dála maidir le rud chomh bunúsach le seoltaí i nGaeilge i gceantair Ghaeltachta agus comhlíonadh na ndualgas faoin scéim teanga. An bhfuil sé sin admhaithe ag an Roinn? An bhfuil sé sin á admháil aici anois? Cad atá déanta ag na finnéithe chun é seo a chur i gceart?
No comments