Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 2 March 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Logainmneacha na Gaeltachta: An tAire Stáit ag an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source

Gabh mo leithscéal ach tá an freagra léite agam. An cheist atá agam ná go bhfuil rud amháin á rá ag an Roinn; is é sin nach bhfuil a dualgais sáraithe aige. Tá rud eile á rá ag an gCoimisinéir Teanga, áfach, agus sin í mo cheist. Tá mé ag breathnú ar an tuarascáil agus ba mhaith liom a rá arís go dúirt an Coimisinéir Teanga go bhfuil iarracht ionraic déanta ag an Roinn ach in ainneoin sin go bhfuil sé ag sárú a dualgas. Dúirt sé go raibh imscrúdú agus monatóireacht ó 2015 ar aghaidh agus i ndeireadh na dála bhí sé "in vain" mar a dúirt sé. Ní raibh aon toradh ar na moltaí a cuireadh chun cinn aige. Cosúil leis an tuarascáil a rinne sé ar An nGarda Síochána, ní raibh an dara rogha aige ach an tuarascáil a chur os comhair na Dála i mí Meán Fómhair 2021. Tuigeann an tAire Stáit nach raibh an dara rogha ag an gCoimisinéir Teanga mar nach raibh sé sásta leis an dul chun cinn a bhí déanta. Sin an rud atá mise ag iarraidh a chíoradh. Cá bhfuil an Roinn maidir leis an gCoimisinéir Teanga? Cuireadh an tuarascáil os comhair na Dála i mí Meán Fómhair agus dúirt sé go soiléir go bhfuil sárú dualgas i gceist. An féidir leis an Roinn díriú isteach air sin? An bhfuil an Roinn ag rá nach bhfuil sé ag sárú a dualgas?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.