Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 2 March 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Logainmneacha na Gaeltachta: An tAire Stáit ag an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source

Tuigim agus tá an litir ó Eircode léite agam. Ba mhaith liom an méid atá ráite aige a chur ar an taifead. Maíodh sa litir:

Dá bhrí sin, tá mé ag diúltú, le teann measa, [Ní dóigh liom gur teann measa atá ann] do do chuireadh le labhairt os comhair an Choiste ar an ábhar seo.

Ní féidir glacadh leis sin agus aontaím leis an gCathaoirleach go bhfuil gá é a fhiosrú.

Tá beagáinín mearbhall orm agus tá sé éasca mearbhall a chur orm. Tá an leabhar agus an tuarascáil ón gCoimisinéir Teanga léite agam agus tá an tuarascáil sin dírithe isteach ar an Roinn go háirithe agus tá freagracht áirithe ar an Roinn. Dúirt an Coimisinéir Teanga gur chuir sé tús leis an bhfiosrúchán nó an obair in 2015 tar éis gearáin a fháil. Anois táimid in 2022 agus tá beagáinín mearbhall orm. Tá an leagan Gaeilge den ráiteas tosaigh ón Aire Stáit léite agam agus maítear ann go bhfuil an tAire Stáit lán-mhuiníneach de go bhfuil a Roinn tar éis a oibleagáidí faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 a chomhlíonadh agus go bhfuil gach beart is féidir déanta ag an Roinn lena chinntiú go mbainfear úsáid as na logainmneacha Gaelacha. Tagann sé sin salach ar na conclúidí ón gCoimisinéir Teanga. Sin an chúlra ar mo cheist. Tá an tAire Stáit ag rá nach bhfuil dualgas na Roinne sáraithe. Maítear sa chomhfhreagras agus i dtuarascáil an Choimisinéara Teanga go bhfuil. Tá sé admhaithe go bhfuil iarracht mhacánta déanta ag an Roinn dul i ngleic leis an bhfadhb ach in ainneoin sin go bhfuil an Roinn fós ag sárú a dualgas faoin Acht. Iarraim ar an Aire Stáit freagra a thabhairt air sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.