Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 2 March 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Logainmneacha na Gaeltachta: An tAire Stáit ag an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

An bhfuil aon fhinné eile ag iarraidh labhairt ag an staid seo? Níl. Tá sé oscailte ag ceisteanna mar sin. Mar a dúirt mé ag an tús, níl ionadaithe ó GeoDirectory linn. Chuir sé nóta chugainn, a scaipeadh ar chomhaltaí, ag rá nach raibh ról aige anseo agus go raibh an dualgas ar an Roinn déileáil le pé ceisteanna atá ann. Is féidir le comhaltaí é sin a léamh iad féin. Dúirt sé nach raibh dímheas á thaispeáint don choiste agus go bhfuil súil aige go nglacfaidh muid lena chúiseanna gan a bheith i láthair. B'fhéidir go ndéanfaimid plé ar cad is féidir linn a dhéanamh nuair atá cás mar seo ann amach anseo nuair nach bhfuil comhlacht príobháideach atá ag déileáil le conradh poiblí sásta teacht os ár gcomhair sa slí gur chóir dó chun míniú a thabhairt ar an scéal. Tiocfaimid ar ais chuige sin agus b'fhéidir go ndéanfaimid comhairle dhlí a lorg ó Thithe an Oireachtais ar cén chearta atá againn mar choiste maidir leis sin. Tá an tAire Stáit agus tá oifigigh ón Roinn a bhíonn ag plé le Eircode linn, san áireamh an príomhoifigeach, Ben King; Gráinne Ní Thuama; agus Aisling Nic Bhrádaigh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.