Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 2 March 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Logainmneacha na Gaeltachta: An tAire Stáit ag an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Leanfaidh an cruinniú seo ar aghaidh go dtí 4.30 p.m. más gá. Tá leithscéal faighte againn ón Teachta McHugh. Cuirim fearadh na fáilte roimh chomhaltaí an chomhchoiste atá istigh sa seomra, roimh na finnéithe atá os ár gcomhair agus roimh an lucht atá ag féachaint orainn ar an teilifís. Tá na comhaltaí seo a leanas linn ar líne: an Teachta Calleary, an Teachta Aindrias Ó Muimhneacháin, an Seanadóir Kyne agus an Teachta Daly. Tá siad ar fad ag teacht isteach go fíorúil ar an scáileán. Laistigh de sheomra an choiste, tá an Seanadóir Clifford-Lee, an Seanadóir Ó Donnghaile agus mé féin.

Cuirim fáilte roimh na cuairteoirí nó finnéithe atá againn inniu: an tAire Stáit ag an Roinn Iompair ar a bhfuil freagracht ar leith maidir le hiompar idirnáisiúnta agus bóthair agus lóistíocht agus an tAire Stáit ag an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide ar a bhfuil freagracht ar leith maidir le beartas poist agus Eircode, an Teachta Hildegarde Naughton; príomhoifigeach sa Roinn a bhfuil freagracht air maidir le hEircode, Ben King, atá linn go fíorúil ar líne; Aisling Nic Bhrádaigh, ardoifigeach feidhmiúcháin; agus Gráinne Uí Thuama, príomhoifigeach agus ceannasaí cumarsáide. Tá fáilte rompu uilig. Is mian liom é a chur ar an taifead go bhfuil an tAire Stáit agus beirt de na finnéithe istigh i seomra coiste 4 agus go bhfuil Ben King ag freastal ar an gcruinniú ar líne.

Cuirfidh mé ar an taifead poiblí go bhfuil díomá orm féin agus ar na comhaltaí eile den choiste nach raibh ionadaithe ó GeoDirectory sásta teacht os ár gcomhair inniu. Thug mé cuireadh dóibh teacht chuig an gcruinniú seo ach tá díomá orm nár éirigh leo teacht linn. Dhiúltaigh siad teacht. Cuirfidh mé ar an taifead poiblí an litir a sheol mise agus an litir a fuarthas ar ais.

Sula dtosóimid ar ábhar an chruinnithe, díreoidh mé isteach ar an ngnáthráiteas gur gá dom a léamh do na finnéithe. Táimid ag plé an foráil dhlíthiúil go n-úsáidtear logainmneacha Gaeilge amháin ar logainmneacha na Gaeltachta i bhfianaise fhionnachtain an Choimisinéara Teanga gur sháraigh an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, nó an Roinn Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha mar a bhí, a dualgas reachtúil teanga maidir le logainmneacha Gaeltachta i gcás an chóras Eircode. Táimid ag súil inniu go gceartófar an sárú sin. Tá súil agam go mbeidh an tAire Stáit in ann tiomantas a thabhairt inniu go gcuirfidh deireadh leis an gcleachtas dátheangach seo sa Ghaeltacht láithreach agus go gcloífidh an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide go docht lena dualgais dhlíthiúla faoi reachtaíocht atá achtaithe ag Tithe an Oireachtais as seo amach. Bhí mé ag súil leis an tiomantas seo a fháil ó Eircode chomh maith. Tá roinnt ionadaithe anseo agus tá súil agam go mbeidh siad in ann é sin a dhéanamh. Bhíomar chun féachaint ar an gcur chuige atá ag GeoDirectory freisin ach níl aon ionadaithe uaidh anseo.

Sula leanfaidh mé ar aghaidh, tá dualgas orm na rialacha agus na treoracha seo a leanas a leagan faoi bhráid na ndaoine atá ag freastal ar an gcruinniú. Meabhraím do chomhaltaí, d’fhinnéithe agus do bhaill fhoirne a chinntiú go bhfuil a ngutháin soghluaiste múchta le linn an chruinnithe toisc gur féidir leis na gléasanna sin cur as do chóras craolacháin, eagarthóireachta agus fuaime Thithe an Oireachtais. Tá an rogha ag comhaltaí freisin freastal ar an gcruinniú go fisiciúil nó ar Microsoft Teams. Luaigh mé cé atá ar Teams cheana féin. Ba chóir a chinntiú go mbeidh an micreafón múchta nuair nach bhfuil na comhaltaí nó na finnéithe ag labhairt linn. Ba chóir dúinn atá laistigh de sheomra an coiste cloí leis na moltaí eile maidir le sláinte in ainneoin go bhfuil na rialacha aisghairthe. Ba chóir do dhaoine na treoracha a leanúint, más féidir.

Cuirim ar aird na bhfinnéithe atá anseo go bhfuil siad, de bhua Bhunreacht na hÉireann agus reachtaíochta araon, faoi chosaint ag lán-phribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don chomhchoiste chomh fada agus atá siad lonnaithe laistigh de phurláin Thithe an Oireachtais.

Ní féidir le finnéithe a bhrath ar an gcosaint sin agus fianaise á tabhairt acu taobh amuigh de phurláin Thithe an Oireachtais. Molaim d'fhinnéithe, go mór mór dóibh siúd atá ag freastal ar an gcruinniú ó áit lasmuigh de phurláin Thithe an Oireachtais, a bheith cúramach agus fianaise á tabhairt acu. Má ordaíonn an comhchoiste dóibh éirí as fianaise a thabhairt i leith ní áirithe, beidh orthu amhlaidh a dhéanamh láithreach. Ordaítear dóibh gan aon fhianaise a thabhairt nach fianaise í a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí atá á bplé ag an gcomhchoiste. Ba chóir dóibh a bheith ar an eolas go ndéanfar na ráitis tosaigh a chuirfear faoi bhráid an choiste a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an chomhchoiste tar éis an chruinnithe seo.

Fiafraítear d’fhinnéithe agus do chomhaltaí araon cleachtadh parlaiminte a urramú nár chóir, más féidir, duine nó eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh ná tuairimí a thabhairt maidir leo ina ainm, ina hainm nó ina n-ainmneacha nó ar shlí a bhféadfaí iad a aithint. Chomh maith leis sin, fiafraítear dóibh gan aon rud a rá a d’fhéadfaí breathnú air mar ábhar díobhálach do dhea-chlú aon duine nó eintiteas. Mar sin, dá bhféadfadh a ráitis a bheith clúmhillteach do dhuine nó eintiteas aitheanta, ordófar do na finnéithe éirí as an ráitis sin láithreach. Tá sé ríthábhachtach go ngéillfidh siad leis an ordú sin láithreach.

Anois, déanfaimid ár mbreathnú ar ábhar an chruinnithe. Iarraim ar phríomhfhinné an lae, an tAire Stáit, a ráiteas a thabhairt.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.