Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 2 March 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Logainmneacha na Gaeltachta: An tAire Stáit ag an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Caithfidh mé cúpla mionrud a dhéanamh sula cuirfidh mé críoch leis an gcruinniú. Ba mhaith liom comhaltaí a chur ar an eolas nach ann do Choimisiún na Logainmneacha a thuilleadh. Tá sé críochnaithe agus imithe agus pé rud a bhí fágtha de fuarthas réidh leis in Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 anuraidh. Tá an coimisiún féin imithe agus tá coiste agus www.logainm.ieann ina áit. Theastaigh uaim comhaltaí a chur ar an eolas mar gheall air sin mar luadh sa díospóireacht é; ní critíc é sin.

Tá a lán ceisteanna ann a raibh na finnéithe ag triail a fhreagairt agus ní orthu atá an locht. Tá an locht ar GeoDirectory, nach raibh sásta teacht os ár gcomhair. Sa deireadh thiar thall tá mise chun comhairle dhlí a fháil thar cheann an choiste agus cuireadh eile a thabhairt dó teacht os ár gcomhair. Is subsidiary de chomhlacht Stáit é agus níor chóir go mbeadh eagla air teacht os ár gcomhair. Níl muidne ach ag lorg freagraí ar cheisteanna agus déanamh cinnte de nach mbeidh dlí á shárú amach anseo. Tá an rud céanna fíor ó thaobh Capita, áit a bhaineann sé le Eircode. Má tá conradh ag comhlacht seirbhís Stáit a chur ar fáil, ba cheart go mbeadh sé ag teacht os comhair coiste na Dála. Mar sin, leanfaimid an cheist sin. Beimid ag lorg tuairimí an Choimisinéara Teanga chomh maith. Mar sin, níl críoch leis an ábhar seo. Má fhaigheann an Roinn comhairle dhlí, is féidir scríobh chugainn faoi agus d'fhéadfadh an tAire Stáit teacht os ár gcomhair arís. Bheadh muid buíoch as sin agus d'fhéadfaimis cinnte a dhéanamh de go bhfuil deireadh leis an gceist seo agus go bhfuil sé i gceart sula mbeidh comórtas do chonradh eile an bhliain seo chugainn. Níl éinne ag iarraidh go mbeadh fadhbanna ann, ach go háirithe in áit atá cuma ar an scéal go bhfuil an dlí á shárú ag comhlacht Stáit, ag Roinn Rialtais nó ag comhlacht atá conradh bronnta air ag an Stát.

Táim buíoch do na comhaltaí a bhí i láthair, don Aire Stáit, an Teachta Naughton, agus do na finnéithe eile ón gcuid den Roinn a dhéanann déileáil le Eircode: Aisling Nic Ghrádaigh, a bhí anseo linn; Gráinne Ní Thuama; agus Ben King.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.