Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 2 March 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Logainmneacha na Gaeltachta: An tAire Stáit ag an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Fáiltím roimh na finnéithe agus gabhaim buíochas leo as an eolas a cuireadh ar fáil, agus tá an-chuid ann. Níl ach ceist nó dhó agam agus tá roinnt acu pléite cheana féin againn. Is rud neamhghnách é go mbeadh an Coimisinéir Teanga ag leagan tuairisc os comhair an Oireachtais. Ní tharlaíonn sé rómhinic in aon chor agus is cúis mhór imní é. Ní fheadar an nglacann an Roinn leis gur rud neamhghnách é agus b'fhéidir gur chóir lámh a chur in airde go bhfuil rud éigin difriúil anseo.

Tá an tuairisc neamhghnách seo leagtha os comhair an Oireachtais. Deir an coimisinéir go bhfuil an-iarracht á déanamh agus, in ainneoin sin go léir, go bhfuil sé dubh ach cloisimid inniu "No, no, tá sé bán". An raibh aon chomhairle faighte mar gheall ar cibé a bhfuil sé - dubh nó bán? Tá sé soiléir go bhfuil easaontas idir an Roinn agus an coimisinéir mar gheal ar an bhfuil an dlí á shárú. An raibh teagmháil ag an Roinn leis an gcoimisinéir tar éis dó an tuairisc a fhoilsiú a deir go raibh an dlí á shárú? Tá mé tar éis éisteacht le han-chuid den phlé inniu agus is ceist sách casta í. Ar ghlac an Roinn leis an seans soiléiriú a fháil leis an gcoimisinéir cad go díreach a bhí ann nó an raibh aon teagmháil ann? Tá an tuairisc ann anois a deir go bhfuil an dlí á shárú. Tá "dubh" á rá ag an gcoimisinéir agus "bán" á rá ag an Aire Stáit. Cad iad na hiarrachtaí atá déanta chun é sin a cheartú ó foilsíodh an tuairisc?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.