Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 2 March 2022
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Logainmneacha na Gaeltachta: An tAire Stáit ag an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Lorraine Clifford-Lee (Fianna Fail) | Oireachtas source
Ní bhfuair mé freagra ar an gceist maidir leis an Ard-Aighne. An bhfuil éinne sásta freagra a thabhairt? An bhfuil an Roinn sásta dul chuig an Ard-Aighne nó nach bhfuil sé? Ní dlíodóir í an Aire Stáit agus níl a fhios agam an bhfuil aon dlíodóirí ina Roinn ag tabhairt na comhairle sin go bhfuil dualgais na Roinne á gcomhlíonadh aige. Is sórt ombudsman an Stáit é an Coimisinéir Teanga agus tá sé den tuairim go bhfuil an dlí á shárú. Is ionann cearta teanga agus cearta daonna. B'fhéidir nach bhfuil sé sin ar eolas ag an Aire Stáit ach tá an dlí á shárú. Tá an Roinn den tuairim nach bhfuil an dlí á shárú agus mar sin ba chóir dó comhairle ón Ard-Aighne a fháil chun an cheist sin a réiteach. An bhfuil an Roinn sásta glacadh leis an moladh sin?
No comments