Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 2 March 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Logainmneacha na Gaeltachta: An tAire Stáit ag an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Tuigim. An fhadhb bunúsach, go bhfios domsa, ná nach raibh aon rud sa chonradh ó thús, agus ó shin i leith tá ag éirí le GeoDirectory, Eircode, An Post nó pé dream atá ag cur an trealaimh seo le chéile iarracht a dhéanamh dallamullóg a tharraingt orainne ar fad. Tá muidne ag déileáil leis seo, áit atá An Post ag insint bréige agus nach bhfuil sé in ann déileáil le córas le seoltaí i mBéarla agus i nGaeilge ag an am céanna. Is ríomhaire é. Ordaítear do ríomhaire cad le déanamh; ní duine é. Tá sé i bhfad Éireann níos éasca ná mar a ligeann sé air. Ansin tá An Post ag tabhairt céime chun tosaigh do ComReg thar an dualgas reachtúil atá air. Tá i bhfad níos mó ná comhairle dhlí ag teastáil ó thaobh na méide atá ráite ag an Teachta Ó Cuív. Tá a lán comhairle eile maidir leis an mbunchonradh agus má raibh sé ag teacht salach ar dhualgais maidir leis an nGaeilge chomh maith céanna. An bhfuil Ben King ag iarraidh freagra a thabhairt air sin? Aithním go bhfuil an Seanadóir Clifford-Lee tar éis teacht isteach.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.