Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 2 March 2022
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Logainmneacha na Gaeltachta: An tAire Stáit ag an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source
Dúirt an Teachta Connolly gur admhaíodh ar ball nach raibh an dlí á chomhlíonadh. Anois, tá an tAire Stáit á rá go raibh an dlí á chomhlíonadh. Is faoi sin atá an rud seo ar fad. Tá sé an-simplí. Níl mise ag rá go bhfuil an dlí nó an plean teanga ciallmhar. Ní sin an pointe. Is é an Roinn a tharraing an plean teanga agus a d'aontaigh é. Is ceist shimplí an cheist atá agam. Tá an Roinn ag rá go bhfuil sí ag comhlíonadh an dlí ach tá sí ag rá é sin gan aon chomhairle a fháil ó Oifig an Ard-Aighne. Nuair a d'admhaigh sí é sin, lorg mise go lorgódh an Roinn tuairim ón Ard-Aighne. Níl mé chun dul ar strae ná na ceisteanna eile ar fad faoi logainmneacha gur mhaith liom a phlé a chur. Uair amháin eile agus don uair dheireanach, an bhfuil sé i gceist ag an Aire Stáit comhairle an Ard-Aighne a lorg? An bhfuil gníomhaíochtaí na Roinne ag comhlíonadh an dlí i gcomhthéacs an phlean teanga a d'aontaigh sí?
Sin í an cheist shimplí lom atá le plé de réir mar a thuigimse agus níl aon cheist eile le plé.
No comments