Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 2 March 2022
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Logainmneacha na Gaeltachta: An tAire Stáit ag an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Catherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source
Ar an bpointe sin, de réir mar a thuigim ón méid atá léite agam, ghlac an Roinn go raibh a ndualgais faoin scéim teanga sáraithe aici. Ní raibh aon ghá dul i dteagmháil leis an Ard-Aighne agus ní dhearna an Roinn aon achomharc do na cúirteanna. Ghlac sí go raibh a cuid dualgas sáraithe aici. Tá sé sin soiléir.
No comments