Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 23 February 2022
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Foilsitheoireacht agus Léitheoireacht na Gaeilge: Foras na Gaeilge.
Mr. Seosamh Ó Murchú:
Beidh cúpla eagrán nua de na leabhair a chuir Cathal Ó Sándair amach á bhfoilsiú againn i mbliana mar chomóradh mar tá 100 bliain ann ó rugadh é i mbliana. Tá sé sin ar bun ag an Dr. Róisín Adams. Is cinnte gur fiú é sin. Cé nach an príomhchúram atá orainn é, le tamall anuas, táimid ag athfhoilsiú chuid de na seantéacsanna a bhfuil éileamh orthu le húdair mór le rá agus mar sin, cinn atá imithe as cló le fada. Táim ag cuimhneamh ar Timcheall Chinn Sléibheagus a leithéid. Tá siad ar fáil i bhfoirm ríomhleabhair. Bíonn daoine ag caint ar Chathal Ó Sándair agus an díol iontach a bhí ar na leabhair leis. Is minic a luann daoine a léigh iad agus iad óg é sin liom. Ní foláir dúinn cuimhneamh go raibh an Ghaeilge lárnach i saol na tíre agus i gcúrsaí scolaíochta an uair sin. Nuair a tháinig an chéad leabhar leis ar an bhfód, in 1942, bhí an-éileamh go deo air. Mar a dúirt an Cathaoirleach, bhí cúpla leabhar in aghaidh na bliana á gcur amach aige. De réir a chéile, thráigh an t-éileamh sin ar na leabhair. Faoi dheireadh, nuair a cuireadh an leabhar deireanach leis amach in 1984, bhí an tsuim a bhí ag daoine sna leabhair athraithe. Bhí an Ghaeilge leis ruaigthe nó imeallaithe ón áit lárnach a bhí aici sa chóras scolaíochta sa tír roimhe sin. Tá na rudaí seo ar fad ag imirt ar a chéile agus is gá dúinn a bheith ag cuimhneamh air sin. Tá roinnt mhaith de na seanleabhair sin curtha ar fáil againn nó ag daoine a thagann chugainn ag iarraidh cead iad a athfhoilsiú. De ghnáth, tugann muid cead gan ceist do dhaoine atá ag iarraidh eagráin nua de na leabhair sin a chur amach. Is smaoineamh maith é go mbeadh áit lárnach ann inar féidir teacht ar leaganacha leictreonacha de na leabhair sin ar fad agus a fhios a bheith ag an bpobal go dtiocfaí orthu i bhfoirm leictreonach dá mba mhaith leo iad.
No comments