Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 23 February 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Foilsitheoireacht agus Léitheoireacht na Gaeilge: Foras na Gaeilge.

Professor Regina Uí Chollatáin:

Is mór agam gur ardaigh an Teachta Connolly an cheist sin mar is dóigh liom gur bhearna í fosta. Is é sin ceann de na dúshláin atá roimh na hollscoileanna faoi láthair, go mbeadh na húdair is aitheanta i dtaobh scoláireacht na Gaeilge agus na litríochta agus a leithéid ar fáil trí mheán na Gaeilge. Is é an baol atá ann anois ná go bhfuil scoláirí Gaeilge ag dul i dtreo foilsitheoirí Béarla chun a gcuid scoláireachta a chur i gcló toisc go bhfuil scuaine ann lena a saothair scoláireachta a chur i gcló toisc go bhfuil na foilsitheoirí i nGaeilge faoi bhrú le hábhair scoláireachta sin a chur i gcló.

Díreach ar an ábhar sin agus ag filleadh ar an rud seo a théann lámh leis an rud atá ráite ag an Teachta agus le rud a dúirt an Breandán Mac Craith níos luaithe freisin, is í sin an léirmheastóireacht, sílim go bhfuil gá le feachtas áirithe i gcomhthéacs na léirmheastóireachta, agus téann sé seo le hirisí na Gaeilge fosta ar nós Comharagus a leithéid, go bhfuil fóram ansin don aois-réim sin atá i gceist ag an Teachta, is é sin lucht na n-ollscoileanna, lena a bheith ag scríobh i nGaeilge agus léirmheasanna á dhéanamh ar leabhair Ghaeilge, go mbeadh siad, mar a dúirt Seán Ó Coinn ansin fosta, mar chuid den díospóireacht ar an litríocht ar na meáin Bhéarla chomh ,maith agus go mbeadh gradam ann le go dtabharfaí aitheantas do na húdair iontacha atá ag scríobh, bíodh gur litríocht, ábhar scoláireachta nó litríocht do pháistí é. Ní easpa údar nó scríbhneoirí atá ann ach easpa acmhainní do na foilsitheoirí atá ann faoi láthair. Is é sin go baileach é. Aontaím leis sin faoi gach leibhéal agus go gcaithfí é a chothú ag leibhéal na hollscoile chomh maith céanna leis an leibhéal bunscoile má tá rath le bheith air seo, mar is iad na daoine atá ag teacht amach ó na hollscoileanna a bheidh ag múineadh na daoine sna bunscoileanna.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.