Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 23 February 2022
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Foilsitheoireacht agus Léitheoireacht na Gaeilge: Foras na Gaeilge.
Catherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source
Tuigim agus is smaoineamh maith é. Tá mé ag smaoineamh ar bhean atá ag obair in éineacht liom agus léigh sí an ráiteas tosaigh. An rud a rith léi ná nach bhfuil a fhios againn faoi na rudaí maithe atá á ndéanamh ag Foras na Gaeilge. Sin an rud a dúirt sise liom nuair a léigh sí é. Chomh maith leis sin, chuir sí ar an eolas mé nach bhfuil gach duine ar líne mar sin tá gá le poiblíocht ar gach leibhéal. Freisin, cuireann sé Misele Colm Ó Gaora i gcuimhne dom. Tá trua agam don timire bhocht mar beidh duine amháin ag iarraidh an rud a dhéanamh ar fud na tíre. Tá gá le feachtas agus le níos mó foirne chun an rud seo a dhíol do dhaoine.
No comments