Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 23 February 2022
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Foilsitheoireacht agus Léitheoireacht na Gaeilge: Foras na Gaeilge.
Mr. Seán Ó Coinn:
Dírím aird na gcomhaltaí ar leathanach 14 den ráiteas tosaigh a chuir muid isteach. Tá liosta ansin de roinnt rudaí atá déanta againn taobh istigh de na hacmhainní atá againn. Tá na gradaim a luaigh mé ann. Chuir muid urraíocht ar fáil do ghradam i gcomhair leabhair Ghaeilge ag an An Post Irish Book Awards. Díríonn sé sin aird an mhórphobail ar fud na tíre agus aird phobal na Gaeilge ar an leabhar Gaeilge amháin sin. Mura mbeidh daoine ag iarraidh ach leabhar amháin a léamh, is féidir leo a rá go léifidh siad an leabhar sin toisc gur léir gur leabhar maith é. Tá gradaim eile ann, mar shampla, Gradam Réics Carló agus Gradam Uí Shúilleabháin.
Ansin, tá feachtais againn cosúil le LoveLeabharGaeilge. Is feachtas ar na meáin shóisialta go príomha é sin. Eascraíonn sé as an deontas margaíochta a chuireann muid ar fáil do Chumann na bhFoilsitheoirí. Arís, díríonn sé sin aird ar leabhair Ghaeilge, agus ar na cinn a bhuann gradaim ach go háirithe, le linn na bliana. Tá Laureate na nÓg ann freisin, Áine Ní Ghlinn. Tá sí ag cur tús le feachtas, GiveLeabharGaeilge, atá cineál ceangailte leis an bhfeachtas eile a luaigh mé. Chítear cad atá ag tarlú ansin. Tá an feachtas sin mar chuid dá ról mar Laureate na nÓg le Leabhair Pháistí Éireann, Children's Books Ireland. Lena chois sin, tá LeabhraFeabhra againn. Bíonn sé sin ar an raidió le Raidió na Gaeltachta. Thosaigh sé sin ar an 1 Feabhra. Amach anseo, b'fhéidir gur féidir linn é sin a cheangal isteach leis an lá saoire úr a bheidh againn, Lá Fhéile Bríde. I mbliana, chuir muid an bosca leabharlainne ar fáil do bhunscoileanna ar fud na tíre. Bhí an bhéim ar scoileanna a fheidhmíonn trí mheán an Bhéarla ach beidh gach Gaelscoil agus scoil Ghaeltachta, Thuaidh agus Theas, ag fáil bosca fosta. Tá rudaí a dhéanann muid gach bliain. Bímid i dteagmháil le RTÉ le bheith cinnte go bhfuil leabhair Ghaeilge ar fáil ar seó na mbréagán.
Is próiseas leanúnach é sin de réir a chéile. Caithfear aithne a fháil ar na léitheoirí le bheith cinnte go bhfuil na leabhair amuigh chun tosaigh agus go bhfuil daoine ábalta labhairt orthu. Tá an-iomaíocht i gceist ansin. Is é sin an cineál rud a dhéanann muid. Tá níos mó de sin de dhíth, ach is é sin an cineál rud a thig linn a dhéanamh leis na hacmhainní atá ar fáil againn. Ba mhaith linn i bhfad níos mó a dhéanamh. Luaigh Breandán Mac Craith ansin na meáin Bhéarla. Ba mhaith linn dul i gcomhpháirt le The Irish Timesnó the Irish Independentnó cuid de na stáisiúin nach stáisiúin Státurraithe iad. Táim ag caint faoi Newstalk nó Today FM, na cinn mhóra. Caithfear urraíocht de shórt éigin a thabhairt dóibh le dul i gcomhpháirt. Caithfear a bheith ábalta rud éigin a thabhairt chuig an tábla le hiad a spreagadh. Is rudaí den chineál sin a chuideoidh go mór linn leabhair Ghaeilge a chur os coinne an phobail.
No comments