Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 23 February 2022
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Foilsitheoireacht agus Léitheoireacht na Gaeilge: Foras na Gaeilge.
Mr. Seán Ó Coinn:
Tá roinnt tosaíochtaí aitheanta ag Foras na Gaeilge sna tacaithe a chuirtear ar fáil maidir le foilsitheoireacht, scríbhneoireacht agus léitheoireacht i nGaeilge. Aithnímid gur earnáil í earnáil na foilsitheoireachta i mionteanga ar bith a bhíonn leochaileach agus ar gá tacaithe a chur ar fáil di le seasmhacht agus inbhuanaitheacht a bhaint amach.
Tríd an scéim foilsitheoireachta, cuireann Foras na Gaeilge tacaíochtaí ar fáil do thithe foilsitheoireachta, na cinn is mó, lena chinntiú go mbíonn soláthair leanúnach de leabhair ardchaighdeáin ann do phobal léitheoireachta na teanga. Lena chois sin, tá iarracht déanta againn tacú le tithe úra foilsitheoireachta a bhfuil pleananna fáis agus forbartha acu agus tá go leor acu tar éis teacht ar an fhód le blianta beaga anuas. Tá isteach agus amach ar 14 foilsitheoir a chuirimid tacaíochtaí ar fáil dóibh ó bhliain go bliain. Níl ann ach cúig cinn díobh a fhoilsíonn sé leabhar nó níos mó ar an mheán ar bhonn bliantúil. Mar is léir ón tábla sa ráiteas tosaigh a chuireamar ar fáil, bíonn éifeachtacht shuntasach ar sholáthar leabhar nuair a éiríonn oiread is foilsitheoir amháin as an earnáil. É sin ráite, tá borradh faoin fhoilsitheoireacht. Tá cruthaitheacht agus tionsclaíocht thar barr á léiriú ag na foilsitheoirí atá ag saothrú sa ghort seo agus saothar den scoth á fhoilsiú acu. Tá an raon atá ar fáil do léitheoirí Gaeilge ag fás agus ag feabhsú gach bliain.
I dtaca le scríbhneoireacht na Gaeilge de, is earnáil í fosta atá leochaileach agus a bhfuil cothú leanúnach de dhíth uirthi. Cuireann Foras na Gaeilge tacaíochtaí éagsúla ar fáil le cuidiú le scríbhneoirí úra. Cuirimid béim ar leith ar na seánraí is mó a mbíonn éileamh orthu agus is lú a bhfuil scríbhneoirí ag saothrú iontu, mar shampla, úrscéalta ficsin agus litríocht do dhéagóirí. Tá eolas breise faoi na tacaíochtaí atá ar fáil leis an scríbhneoireacht a chothú inár ráiteas tosaigh. Ní rachaidh mé tríd sin uilig anois. Ar na tacaíochtaí is fearr a bhfuil ag éirí leo, tá an scéim mheantóireachta. Tríd an scéim seo, leis an mhaoiniú bhreise aon uaire a fuair Foras na Gaeilge do 2022, beidh muid ag tacú le 35 scríbhneoir. Tá scríbhneoirí den scoth ag teacht chun cinn thar na seánraí éagsúla agus scríbhneoirí úra ina measc, mar is léir ón scéim mheantóireachta agus ón dóigh ina bhfuil siad ag léiriú spéise sa scríbhneoireacht. Ach oiread le réimse na foilsitheoireachta, in ainneoin na ndúshlán, tá borradh faoi earnáil na scríbhneoireachta Gaeilge.
Is é an tríú réimse ná an léitheoireacht. I dtaca leis an léitheoireacht, is trí thacaíochtaí margaíochta agus tacaíochtaí d'imeachtaí is mó a bhíonn Foras na Gaeilge gníomhach. Tá liosta samplach inár ráiteas tosaigh de na tionscadail a cuireadh maoiniú ar fáil dóibh faoi scéim na dtionscadal litríochta idir 2017 agus 2021. Tá ag éirí go han-mhaith leis an deontas margaíochta atá curtha ar fáil ag Foras na Gaeilge do Chumann na bhFoilsitheoirí, is é sin €80,000 sa bhliain, le tamall de bhlianta anuas. Tá ag éirí go maith leis an aird a tharraingt ar na leabhair úra a fhoilsítear ó bhliain go bliain. Cuidíonn na gradaim éagsúla. Is iad siúd ná an gradam don leabhar Gaeilge is fearr tríd An Post Irish Book Awards; Gradam Réics Carló, leabhar na bliana don léitheoir óg; Gradam Uí Shúilleabháin, leabhar na bliana do léitheoirí fásta; agus Gradam de Bhaldraithe, gradam do shaothar aistrithe go Gaeilge ó theanga eile. Cuidíonn na gradaim le haird phobal na Gaeilge a dhíriú ar na leabhair is fearr. Cuidíonn sé leis an phobal léitheoireachta agus iad ag iarraidh leabhair a roghnú le léamh.
Tá fás ag teacht ar líon na leabhar a dháilimid ar shiopaí agus cé nach fás rábach é, tá sé suntasach ó luach €900,000 go €1.1 milliún sa bhliain thar seacht mbliana. Is é an chuid is suntasaí den fhás sin ná an t-ardú atá i ndiaidh teacht ar líon na leabhar ginearálta atá ar díol, úrscéalta agus de réir sin seachas téacsleabhair scoile. D’fhás sé ó 41% den díolachán iomlán go 50%, rud a léiríonn an bheocht san earnáil le blianta beaga anuas agus a léiríonn treocht a bhfuilimid ag iarraidh tógáil air. Is léir go bhfuil pobal léitheoireachta na Gaeilge ag fás.
Ar ndóigh, tá teorainn leis an méid a thig linn a bhaint amach sa réimse seo gan ach timire díolachán amháin againn don oileán ar fad agus os cionn 250 siopa le riar orthu. Sna blianta beaga amach romhainn, beimid ag iarraidh a bheith ag obair i gcomhpháirtíocht leis na hoifigigh phleanála teanga atá sna limistéir phleanála teanga, sna bailte seirbhíse agus sna líonraí le cur le líon na siopaí agus ar ndóigh leis an éileamh sna siopaí sin ar leabhair Gaeilge.
Is iad na dúshláin is mó atá ann faoi láthair ar ndóigh ná na hacmhainní atá ar fáil againn chun na trí réimse - an fhoilsitheoireacht, an scríbhneoireacht agus an léitheoireacht - a fhorbairt. Tá luach na n-acmhainní atá ar fáil ag Foras na Gaeilge sa réimse seo laghdaithe 42% nuair a chuirtear boilsciú san áireamh ó bhí 2008 ann. In 2008, nuair a tháinig Bord na Leabhar Gaeilge isteach i bhForas na Gaeilge, bhí €1.8 milliún ar fáil do chlár na leabhar Gaeilge inár mbuiséad, buiséad atá imeallaithe agus a thagann ón Rialtas ó Dheas amháin. Ní thagann sé faoi rialacha Thuaidh-Theas Fhoras na Gaeilge. Tá an buiséad bliantúil sin laghdaithe anois go €1.06 milliún, go díreach os cionn milliún. Is é sin comhionann lena bheith gearrtha ina dhá leath. Is rud é sin a fhágann nach féidir mórán forbartha a dhéanamh sna réimsí éagsúla a bhfuil tacaíocht de dhíth iontu. Nuair a chuirtear toradh an bhoilscithe san áireamh, tá an tacaíocht is féidir linn a chur ar fáil thar na trí réimse sin laghdaithe ar bhealach suntasach.
Mar sin féin, fáiltímid go mór roimh an maoiniú breise aon uaire a cuireadh ar fáil dúinn in 2022. Fuaireamar €300,000 sa bhreis le caitheamh ar réimsí foilsitheoireachta agus scríbhneoireachta. Ar ndóigh, agus muid ag iarraidh aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bhaineann le hearnáil na leabhar, tá sé tábhachtach a aithint go bhfuil gach cuid di ag brath ar an gcuid eile. Tá an fhoilsitheoireacht ag brath ar an scríbhneoireacht agus tá an scríbhneoireacht ag brath ar an fhoilsitheoireacht. Ní féidir le ceachtar acu bláthú ná forbairt gan pobal léitheoireachta bisiúil a bheith ar fáil agus gan bealaí againn leis na leabhair sin a dhíol agus a chur ar fáil sna siopaí.
No comments