Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 2 February 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Bunriachtanais Teanga sa Gharda Síochána: Plé

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Is é sin an focal deireanach. Gabhaim buíochas le Anne Marie McMahon, Eimear Ní Cheallaigh, Yvonne Cooke agus Joseph Nugent thar ceann An Gharda Síochána; Doncha O'Sullivan agus Mary McKenna ón Roinn Dlí agus Cirt; Bob Collins agus Helen Hall ón Údarás Póilíneachta; agus Shirley Comerford agus Liam Sinclair thar ceann na Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí as an díospóireacht agus an gcur chuige a bhí againn inniu.

Mar nach bhfuil aon ábhar nó ghnó eile againn, cuirfear an comhchoiste seo ar athló anois. Beidh cruinniú den roghchoiste ar siúl an tseachtain seo chugainn leis an bPríomh-Aoire agus Aire Stáit sa Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, an Teachta Jack Chambers, nuair a bheimid ag déileáil le Meastacháin don bhliain 2022 a bhaineann leis an nGaeltacht agus leis an nGaeilge. Beidh an chéad cruinniú eile den chomhchoiste ar 1.30 p.m. ar an 16 Feabhra Gabhaim buíochas libh go léir.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.